Tá fós spás sa gceardlann álainn AN DRÚCHTÍN AGUS an SEILIDE, bunaithe ar leabhar Oein DeBharduin, i Leabharlann Sr an Phiarsaigh, BÁC 2, Dé Satharn 11 Bealtaine.
Beidh ceardlann á sholáthar ag an bhFéile Litríochta Gaeilge, IMRAM, do theaghlaigh le pháistí 6-9 bliana d'aois Dé Satharn seo chugainn, 11 Bealtaine.
Sé An Drúchtín agus an Seilide bunaithe ar leabhar Oein De Bhardúin, ábhar na ceardlanna. Scéal atá ann a shíolraíonn ó thraidisiún béil an Lucht Siúl atá ann.
Sí an ceoltóir, Natalie Ní Chasaide, a inseoidh an scéal, in éineacht le drúchtín, seilide, préachán agus go leor draíochta. Cuirfidh an scéal ag canadh, ag bogadh agus ag brionglóidí sibh!

Is óna 12:00-12:45 agus arís ag 2:00-2:45 Dé Satharn a bheidh na ceardlanna ar siúl. Tá cead isteach Saor in Aisce ach caithfear spásanna a chur in áirithe roimh ré. Cuir rphost chuig majella@imram.ie le hainmneacha agus aois na bpáistí.