skip to main content

Specially composed music never previously released by the likes of Dian Cécht, Blamhaus and more

Beidh An Taobh Tuathail (ATT), clár ceoil éagsúil le RTÉ Raidio na Gaeltachta, á láithriú ag Cian Ó Cíobháin, chúig mbliana fichead ar an aer i mí Bealtaine 2024, clár cheoil é ATT a bhfuil stádas cultaise bainte amach aige in Éirinn agus thar lear.

Éis Siar le Clár an Lae Breithe ANSEO

Éist ag 10 anocht agus go dtí an Aoine ar Raidió na Gaeltachta ar FM agus ar RTÉ.ie/Gaeilge

Beidh craoladh comóradh ceathrú céid ATT le clos ón Luan 29ú Aibreán go dtí an Aoine an 3ú Bealtaine le ceol nua le clos ar feadh na seachtaine nár h-eisíodh roimhe seo agus ná raibh ar clos lasmuigh de na háiteanna ina deineadh na taifid, le ceoltóirí atá molta sa bhaile agus i gcéin, leithéidí Peter Gordon, Works Of Intent, Dian Cécht, Blamhaus, Elliot Adamson, The Shen, Meljoann, Man Power, Junk Drawer agus Ambient Babestation Meltdown + Borai.

Not the Irish John Peel but worthy of the mantle - The Quietus. [Pic: Bríd O'Donovan]

Tá an seó cailiúil, ar ghlaoigh Gruff Rhys ó Super Furry Animals "one of the most radical radio shows in the world" air in agallamh san Irish Times, á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Lá Bealtaine 1999.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Cian fén aistear aige thar na mblianta sin. Gan amhras chuireamar na cliché-cheisteanna ar fad air ar dtúis.

Cad é an chéad cheirnín a cheannaigh tú?

"Like a Virgin le Madonna, Golden Discs Sráid Grafton. 1984 nó 1985 mar bhíos ann don chluiche ceannais caide lem dheaid."

Léim isteach i gcartlann ATT. Dive into the ATT archive.

Cad é an chéad gig gur fhreastal tú air?

"Hothouse Flowers, Tracey Chapman, 1988, sílim. RDS. Bhíos an-óg agus bhí úinéir shiopa cheirnín, cara lem mháthair, ag tabhairt aire dúinn ach d'fhoghlaim mé féin agus mo dheirfiúir, dá gcaillfimis a chéile, dá raghaimís amú, go mbualfaimís arís gach leath huair a chloig fén solas buí."

Cad é an chéad seit ceirneoreachta gur dhein tú?

"Halla na Feothannaigh, i gCorca Dhuibhne, saghas Club Óige, do dhéagóirí meánscoile is dócha. 1990 nó mar sin. Is cuimhin liom go raibh gig eile ann 10 mbliana dar gcionn gur deineadh tagairt dó."

Dropping tunes since before 24 year olds were born.

Ar bhuail tú le Gruff Rhys ó na Super Furry Animals tar éis dó ard-mholadh a thabhairt d'ATT?

"Níor casadh orm é ach bhíomar i dteagmháil trén ríomh-phost."

Bhfuil éinne ann a raibh tionchar mhóir acu ort?

"Bheadh ana-chuid daoine ach dheineas tagairt in agallaimh eile dom Aintín Joan. Ní raibh sí puinn níos sine ná mé féin, bí an té ab óige ina clann í, ach do chuir sí in aithne Top of the Pops mé i 1982, nuair a bhíos an-óg. Bhí vinyls and albam aici so bhíos ag éisteacht le Bruce Springsteen agus Neil Diamond ina tigh siúd, tigh mo sheana-mháthair."

"So theastaigh uaimse ná, má chasann tú ar siúl an raidió an tseachtain seo chugainn, níl seans ar bith go gcualaís an traic san cheanna nó go raibh tú sa stiúideo an uair go raibh sé á thaifeadadh."

Ceoltóirí a d'fhág rian ort?

"Joy Division an ghrúpa is ansa liom - Joy Division / New Order, is dócha."

Cé mhéad ceirnín atá sa stór agat fé seo?

"Is dócha, 3,000 bfhéidir, mar do dhíolas cúpla míle acu cúpla bliain ó shin chun spás a bheith agam."

Le linn don gCíobhánach An Taobh Tuathail a chraoladh 5 lá sa tseachtain thar 25 bliain, agus a chuid gigeanna rialta féin a sheinm ar fud na tíre aige, chumasaigh sé imdhioscú An Taobh Tuathail ATT 1 i 2007, bailiúcháin traiceanna a seinneadh ar an gclár. Tháinig 6 imdhiosca eile sna sála ar an gceann sin. Táid ar fad le fáil ar Soundcloud anseo.

An Taobh Tuathail - digging in the crates for YOU. [Pic: Bríd O'Donovan]

Lá Bealtaine 1999, an cuimhin leat an chéad chlár?

"Is cuimhin liom tús an chlár agus roinnt des na blianta luaithe. Bhí taithí craoltóireachta agam bheith ag craoladh ar Flirt FM agus bheith i mbun leanúnachais agus léamh na haimsire agam ar Raidió na Gaeltachta. So bhí taithí éigint agam nuair a chonacas solas dearg."

"Ach bhíos ana-néirbhíseach agus bhí sceitimíní orm agus ní dóigh liom go raibh na focail agus an ábaltacht agam bheith ag cur síos ar cheirníní. Is cuimhin liom chomh maith an chéad cúpla mí bhíos ag scríobh scripteanna fad a bhí na ceirníní ag dul amach ar an aer. Ní gá dom scripteanna a scríobh a thuilleadh ach ní labhraim mórán."

"Tuigim go bhfuil ana-chuid daoine ag éisteacht nach bhfuil Gaolainn in aonchur acu so bím ag iarraidh na nascanna a choimeád gearr agus ag iarraidh go mbeadh aird daoine dírithe ar an gceol seachas ormsa."

Beidh ceol nár craoladh nó nár chualathas cheanna á sheinm agat an tseachtain seo chugainn?

"Beidh an cheol ar fad a bheidh á chraoladh an tseachtain seo chugainn, níor eisíodh aon aon áit ar bith cheanna é. Cuid mhaith de, cumadh go speisialta don gclár é. Sin an chúis go bhfuil an rud seo tar éis an méid sin ama a thógaint, is dócha."

"Táim ag obair ar an 'admin' le bliain anuas, agus ana-chuid plámás i gceist. Chuas i dteagmháil le gach bainisteoir le email aonair seachas groupmails agus táim tar éis éisteacht le cuid den cheol ach ar maidin an chéad uair go bhfuilim tar éis suí síos agus ceann a thabhairt dó. I láthair na huaire tá 141 amhrán istigh sa bhfillteán. Cuid acu do sheoladar bfhéidir 4 nó 5 chinn chugam ach ní bheidh ach ceann nó dhó á chasadh agam."

"Ach gach rud atá ar an gclár an tseachtain seo chugainn ní raibh sé ar fáil cheanna ar cd, ar vinyl, ar Spotify, nó ar Soundcloud. Bfhéidir go raibh ceann nó dhó ó seana-cheirnín a mharfadh a bheadh ag teacht amach ar DFA (lipéid a aimsíonn ceol atá nach mór cailte) ó na seachtóidí nó a bhí ar fáil fadó ach a bhí deleted ón idirlín."

Dance steps [Pic: Bríd O'Donovan]

"An rud a theastaigh uaim ná, nuair a thosaigh an chlár ag craoladh ar dtúis bhíodh rogha eisiach ag dioscmharcaigh ar an raidió ar cheol. So nuair a bhís ag éisteacht le clár chloisfeá rud ar an gclár ná beadh ar fáil in áit eile."

"Ach anois tá sé ar fáil really, nuair a thagann rud éigin amach, cloiseann tú féin é ag an am gcéanna. So theastaigh uaimse ná, má chasann tú ar siúl an raidió an tseachtain seo chugainn, níl seans ar bith go gculaís an traic san cheanna nó go raibh tú sa stiúideo an uair go raibh sé á thaifeadadh."

Cas ar siúl an raidió, a léitheoir, an tseachtain seo chugainn. Eiseamláir is ea é an chraoltóir seo ar dhuine a thuigeann eispéireas aonair an éisteora.

Éist ag 11 anocht agus 10 gach oíche eile ar Raidió na Gaeltachta ar FM agus ar RTÉ.ie/Gaeilge

Chomh maith leis an gceilliúradh ar an aer, beidh Cian ag cur i láthair cóisir speisialta Disco Dána i gclub oíche Cuba sa Ghaillimh ar an Satharn 4ú Bealtaine. Dóirse oscailte ag a deich. Ticéid ar fáil ar Eventbrite.