skip to main content

Altan agus Ceolfhoireann Choirme RTÉ ar RnaG Dé Domhnaigh

Altan ag seinnt ag céiliúradh 50 Raidió na Gaeltachta
Altan ag seinnt ag céiliúradh 50 Raidió na Gaeltachta

Ar Lá 'le Bríde, an chéad lá de mhí Feabhra (2024) in Ardeaglais Naomh Bríd i gCill Dara chas Altan le Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ a bhí faoi stiúir David Brophy mar chuid de chomóradh 1500 bliain ó bhásaigh Naomh Bríd.

Beidh an choirmcheol speisialta seo le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach beag seo, 5 Bealtaine ag 7.30 go dtína 9 a chlog istoíche. Ar cuid des na foinn a bheidh le cloistéail tá Gabhaim Molta Bríde, Molly na gCuach Ní Chuilleanáin, Gleanntáin Glas Ghaoth Dobhair agus Dónal agus Mórag.

Altan agus an Cheolfhoireann Coirme de chuid RTÉ in Ardeaglais Naomh Bríd

Is iad Glór an Churraigh, eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gCill Dara agus Glór na nGael a d'eagraigh an coirm cheoil speisialta seo, san ardeaglais meánaoiseach álainn i mBaile Chill Dara atá os cionn 800 bliain d'aois, agus atá san áit ar chur Naomh Bríd fúithi os cionn 1,500 bliain ó shin.

B'í Leas Chathaoirleach Ghlór an Churraigh, Aingeal Seoighe a chuir fáilte roimh gach duine ar an oíche.

Ceolfhoireann Choirme RTÉ [Pic: Andres Poveda]

Tá taithí ag an gCeolfhoireann Choirme comhcheol a dhéanamh le réalta móra cheoi na hÉireann ach go háirithe ar nós Clannad, Niamh Regan agus Davit Kitt agus Tolu Makay.

David Brophy, stiúrthóir

Éist leis an gcoirmcheol seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh 5 Bealtaine ag 7.30i.n.

Listen to this special concert on RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sunday, 5 May at 7.30pm