Lastar Tinte na Bealtaine ar oíche Lá Bealtaine, ag titim na hoíche, ar bharr na sléibhte in iarthar
Chiarraí!
Cloisim go mbeidh suas le ceithre thine cnáimh ar bharr na gcnoic i mbliana. Ní bhfógarfar
go mór iad seo, ach is féidir iad a fheiscint go soiléir i bhfad is i gcéin, agus iad ag lasadh suas leithinis
Chorca Dhuibhne, ag fógairt theacht na Bealtaine.
‘Samhradh, samhradh, bainne na ngamhna,
Thugamar féin an samhradh linn.’
Is é an t-aistriú litriúil ar na liricí aitheanta seo ná gur ‘thugamar an samhradh isteach.’
De réir Edward Bunting, bailitheoir ceoil ón 19ú haois, canadh an sean-amhráin seo timpeall Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1633, ach is dócha go bhfuil sé i bhfad níos aosta ná sin arís. Bealtaine ab ea féile ársa na nGael ag ceilliúradh tosach an samhradh, atá faoi dhóchas athbheochana in áiteanna éagsúla timpeall na tíre inniu.
Bhunaigh an Dochtúir Micheál Fanning, file agus gníomhaí pobail, Féile na Bealtaine sa Daingean i 1994. In aineoinn a bhás anabaí i 2010, d'fhág sé oidhreacht ealaíne iontach ina dhiaidh, idir a chuid filíochta agus an fhéile atá ag dul ó neart go neart.

Bhí comhrá agam le Claire Galvin, ball de choiste Féile na Bealtaine, an fhoireann dheonach atá ag obair taobh thiar den fhéile. D'inis sí dom, "tá foirmle nó an chuir chuige a bhí ag Micheál fós lárnach ag eagrú na féile inniu."
Cad é an fhoirmle sin?
"Chreid Mícheál go mór go bhfuil leigheas sna h’ealaíona,’ a deir sí liom. Ar bharr cúram sláinte ginearálta, chreid Micheál go raibh leigheas sna healaíona comh maith agus gur thug dánta, amhráin agus a leithéidí faoiseamh do dhaoine agus is as sin d’eascair Féile na Bealtaine, atá ag comóradh 30 bliain faoi bhláth i 2024.
"Mens sana in corpore sano: A healthy mind in a healthy body," a deir Mícheál Ó Coileáin, ball foirne eile den choiste. Mhínigh sé dom gur chreid an Doctúir Fanning go ndéanadh sé difríocht mhór i meon daoine dá mbeadh sé chomh nádúrtha dóibh dul chuig taispeántais ealaíne agus a bheadh sé dul chuig cluiche peile, saghas leighis choscanna ab ea a bhí i gceist aige.
Bhí Micheál i láthair an chéad lá riamh a chuir an Dochtúir Fanning an chéad fhéile ar siúl; tharla sé i gCafé Liteartha, ar chúl sráide bheag sa Daingean, cúpla léamh filíochta agus Aifreann an Domhnach a líon an t’aon leathanach amháin i gclár na féile. Sa lá atá inniu ann, tá clár 53 leathanach a fhógraíonn os cionn 150 imeacht i 55 ionaid éágsúla, agus léítear Aifreann an Domhnaigh go fóill!
Tá comhleanúnachas ag croí na bainistíochta, agus dream atá ag foghlaim ó na laochra ag cur a d’taithí ar fáil don chéad ghlúin eile. Tá gaol idir óg agus aosta a d’eascríonn atmaisféar croíúil ar fúd na féile i rith an deireadh seachtaine. Mar a deirtear, ní neart go cur le chéile.

Cad tá ar siúl?
Tá béim mór ar na healaíonteoirí, amhránaithe, ceoltóirí, scríobhneoirí, daoine óga áitiúla chomh maith le hanimeacha iomráiteacha a bhailíonn le chéile i rith na féile, le himeachtaí ann do chách. Tá béim mhór ar na pháistí; Lá na bPáistí sa pháirc i lár an mbaile ar an Shatharn, Dr. Seuss Readings, Nature Tales, Púca Puipéad, chun trácht ar cúpla ceann.
An Díseart
Beidh mé féin istigh sa seomra Fresco sa Díseart maidin Dé h’Aoine ag crocha lastuas síos in hamóg ag déanamh Aerial Flow Ióga le Ilonka agus mo sheana cáirde. Ina dhiadh baileoimíd linn suas go dtí ‘n Tigh Gloinne i ngáirdín an Díseart chun ár t-léinte agus málaí totes FnaB a dhearadh faoi threoir an ealaíontóir, Róisín Ní Loinsigh atá ag Priontáil Trí Scáileán, scaoil amach do inner Andy Warhol. An raibh tú fiú ‘mháin ann mura gceannaíonn tú t-léine agus mála tote?

Art in An Díseart: Cruach Mhárthain: Feic ‘s Fiche (21 Views) teaspeánteas Dómhnal Ó Bric.
Beidh Draoi an Daingin, Juli Malone, ag cheiliúradh casadh na bliana le deasghnátha tine agus machnamh i nGairdín an Dísirt maidin Shatharn.
Pagan Rave
Coincheap Billy MagFhlionn is ea é seo: tionscadal leanúnach atá bunaithe ar thaispeántas a ath-shamhlaíonn traidisiúin na tíre. Tá léiriú drámatúil agus osréalúil ann a fhágfaidh iontas ar an lucht féachana nó iad faoi gheasa! Sheintear ceol leictreonach draoiúil chun beatha a thabhairt isteach tar éis an gheimhridh.
Thosnaigh an tionscadal cúpla bliain ó shin, nuair a theastaigh ó Billy níos mó sheana dhraíocht Bhealtaine a chur leis an bfhéile.
Fágtar brí na h'ócáide ar dhroim an duine aonair: cóisír mhór le maisc, amhránaíocht agus rince nó searmanas tinte. Ach níos tábhachtaí fós, teacht le chéile pobail chun ceiliúradh a dhéanamh.
Tá súil mhór agam leis an ceann seo.

[Pic: Féile na Bealtaine]
Caint agus Léachtaí
Common Ground, Choctaw-Irish Connections: Emily McClaughry, Bríd Ní Mhórain agus Mary Kiernan ag caint faoin ghramhaoir Choctaw i 1847.
Tales from a Small Island: Léargas ó Lara Cassidy ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar DNA ársa agus réamhstair na hÉireann.
No Room at the Inn: Dr. Ciara Smyth ag comhrá le Joanne Williams ar dhídeanaithe na hÉireann.
Ar Slí na Fírinne: Plé le Dr Kevin Power ar John Moriarty agus a féalsúnacht.
Cath Fionn Trá: Léacht leis an t’Ollamh Dr. Breandán Ó Cróinín ar scéal mhiotaseolaíochta na Fianníochta, Cath Fionn Trá.

Dráma: ‘Toxic Relationships’ le Byddi Lee agus stiúradh ag Margery Quinn faoi athrú aeráide. Pléann an dráma le comhrá idir an Ghrian agus an Ghealach agus an breithiúnas a thugann siad orainn mar chine daonna agus an praiseach atá á déanamh againn ar an domhan.
Clár Imeachtaí na Féile
Tá an oiread sin ag tarlú nách b’fhéadfainn chuir síos cruinn a thabhairt daoibh seachas a mholadh daoibh féachaint ar chlár imeachtaí anseo. Is fearr cóip den chlár a íoslódáil nó cóip chlóite a fháil timpeall an bhaile le linn na féile. Tá coirmeacha ceoil, céilithe, seoltaí leabhar, cócúnna filíochta, drámaíocht, agus taispeántais eile cuid acu saor in aisce agus cuid eile táille tícéad.