skip to main content

Civil War le Alex Garland - scéal bunaithe ar iriseoirí chogaidh mar fhinnéithe dírithe ar an scéal a chur ar fáil don phobail

An t-aisteoir Cailee Spaeny ar an seit ag 'Civil War' (Pic: Murray Close/Getty Images)
An t-aisteoir Cailee Spaeny ar an seit ag 'Civil War' (Pic: Murray Close/Getty Images)

Sciuird chorraitheach tré thodhchaí luath i Meiriceá atá scoilte agus suite ar fhaobhar lanna is ea Civil War.

Scríofa agus stiúrtha ag Alex Garland, is scannán aicsin é 'Civil War' atá suite sa todhchaí dhiostóipeach sna Stáit Aontaithe. Leantar grúpa fóta-iriseoirí atá ag tuairisceoireacht ar chogadh cathartha ollmhór idir uachtarán na tíre (Nick Offerman) – atá ina thríú téarma mar cheannaire – agus na fórsaí reibiliúnacha atá ag iarraidh é a threascairt.

Leanann an scannán na fóta-iriseoirí, Lee (Kirsten Dunst) – bean a dhéanann taifeadadh ar uafás an tsaoil mar fhóta-iriseoir cogaidh agus a léirítear mar dhuine crua mar gheall ar a bhfuil feicthe aici; Joel (Wagner Moura), fear iontaofa atá meáite ar agallamh a dhéanamh leis an uachtarán sula dtiteann sé; Sammy (Stephen McKinley), iriseoir seanchríonna a bhí mar mheantóir ag Lee thar na blianta; agus Jessie (Cailee Spaeny), bean óg sna fichidí atá díreach ag tosú amach.

Tá an plota bunaithe ar an turas contúirteach a dhéanann siad ar son a gceirde ó Nua-Eabhrac go Washington – áit a bhfuil saighdiúirí tosach catha ag dúnadh isteach ar an uachtarán – agus an méid a fheiceann siad ar an mbealach.

Nick Offerman, aisteoir, ar an seit in Civil War [Pic: Murray Close/Getty Images]

Osclaíonn an scannán le dhá radharc mhalartacha atá ceangailte go dlúth lena chéile agus a chruthaíonn comhthéacs don scéal. Ar thaobh amháin, feicimid an t-uachtarán leis féin ag cleachtadh caint phoiblí atá le tabhairt aige ina maíonn sé go bhfuil a chuid fórsaí míleata ar tí bua mór a bhuachan.

Tá codarsnacht ghlan idir na focail láidre atá in úsáid aige agus laige a ghlóir agus é ag caint, ag nochtadh a chuid éiginnteachta faoi thorthaí na troda. Cuirtear an íomhá chiúin seo i gcontrárthacht leis na radharcanna bodhraitheacha foréigneacha atá ag tarlú amuigh ar na sráideanna. Tá uafás an chogaidh chathartha seo soiléir don lucht féachana ón tús.

Is ag an bpointe seo a bhuailimid le Lee, duine de phríomhcharachtair an scéil, agus í ag breathnú ar chaint an uachtaráin ar an teilifís. Piocann sí suas an ceamara, díríonn sí i dtreo na teilifíse é, breathnaíonn sí tríd an lionsa, clic. Tá an lucht féachana gafa.

Aisteoirí Kirsten Dunst ar chlé, Wagner Moura agus Cailee Spaeny, ar dheis ar an seit scannáin, 'Civil War' [Pic: Murray Close/Getty Images]

Sa mhéid a leanann, feicimid fíor-uafás an chogaidh. Feicimid tír in anord nuair a theipeann ar dhaoine daonnacht a aithint i ndaoine eile. Ní dhéantar aon mhór-phlé ar chúiseanna an chogaidh; seachas sin, leagtar an bhéim ar éifeachtaí na coimhlinte. Feictear é seo ar fad trí shúile na n-iriseoirí, trí lionsa an cheamara.

Déantar codarsnachtaí an-éifeachtacha i radharcanna catha fuilteacha agus tubaisteacha idir torann agus luas an aicsin ar na sráideanna agus na nóiméid chiúine thostacha nuair a chloiseann an lucht féachana clic an cheamara agus a fheiceann siad an t-uafás tríd an lionsa, i ndubh agus bán go minic.

Cuireann an stíl scannánaíochta seo go mór leis an léiriú agus leagann sí béim ar ról na hiriseoireachta chun an fhírinne a nochtadh agus ceachtanna a mhúineadh.

Is léiriú inchreidte é an scannán seo ar dhaonnacht agus easpa daonnachta agus ar bhrúidiúlacht an chogaidh, ach, le fírinne, is iad na caidrimh idir na hiriseóirí – go háirithe idir Lee agus Jessie – atá mar chroílár an scéil seo. Cé go bhfuil leisce agus amhras uirthi ar dtús, glacann Lee ról an mheantóra uirthi féin agus stiúrann sí, spreagann sí agus cosnaíonn sí Jessie ar an turas dainséarach go dtí an phríomhchathair.

Cé go gcuirtear Lee os ár gcomhair mar dhuine crua agus láidir ag an tús agus go bhfeicimid Jessie mar bhean óg le heaspa taithí ar ról an iriseora agus ar an saol, déantar forbairt ar charachtair na beirte tríd an scannán, agus ar deireadh, feicimid Lee agus lagmhisneach ag teacht uirthi faoina ról sa saol agus faoi fhiúntas a cuid oibre. I gcodarsnacht leis seo feicimid an neart agus an paisean atá ag Jessie a dhéanfaidh pé rud atá ag teastáil chun an grianghraf a fháil, rud a éiríonn léi a dhéanamh sa radharc tragóideach deireanach idir an bheirt bhan.

Thar aon ní eile, pléann an scannán seo an tábhacht a bhaineann leis an iriseoireacht chun an fhírinne a nochtadh don phobal. Deir Lee gurb é ról an iriseora imeachtaí an tsaoil a thaifeadadh chun deis a thabhairt don phobal ceisteanna a chur. Cé go bhfágtar an lucht féachana le níos mó ceisteanna ná freagraí ag deireadh an scannáin, éiríonn leis an saothar seo muid a spreagadh tús a chur le comhráite nua agus ár gcuid freagraí féin a lorg. Agus nach é sin bun agus barr na healaíne?

Is léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad í an Dr Lára Ní Mhaoláin. Oibríonn sí mar ghrianghrafadóir le Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge freisin.

Civil War - sa phictiúrlann fé láthair.