skip to main content

An bhfuil cead agam dul go dtí an Ghaillimh i lár an tSamhraidh?

Múinteoirí iar-bhunscoile i mbun ceardlanna anuraidh
Múinteoirí iar-bhunscoile i mbun ceardlanna anuraidh

Lá na Speisialtóirí cois Coiribe mar chuid de dhianchúrsa Gaeilge ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) d'oidí meánscoile i Mí Lúnasa.

Réachtálfar an Dianchúrsa Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr ar feadh ceithre lá ón 12 -15 Lúnasa. Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil ar-líne do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar gach leibhéal (A2- C2) ar feadh 3 lá ó Luan go Céadaoin 12-14 Lúnasa agus beidh na ranganna seo ábhar agus seomra ranga-bhunaithe.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile, COGG, fén dian chúrsa ar-líne agus Lá na gCeardlann Ábhair leis na speisialtóirí.

"Tá an dianchúrsa Gaeilge agus Lá na gCeardlanna Ábhair, nó Lá na Speisialtóirí mar a thugtar freisin air, á rith ag COGG i gcomhar le Gaelchultúr le ag déanamh ar cúig bhliana déag. Go traidisiúnta bhíodh an tseachtain seo á chur ar fáil againn i Mí Lúnasa ag druidim i dtreo thús na scoilbhliana a thabharfadh deis do phríomhoidí, múinteoirí nó fhostaithe don earnáil teagaisc trí Ghaolainn a chur go dtí an gcúrsa ar mhaithe le barra feabhais a bhaint amach i leith a cuid Gaolainne féin."

"Chomh maith leis sin bhí deis acu freastal ar cheardlann a bhain go sonrach lena gcuid ábhair agus go gcífidís na n-acmhainní atá ar fáil don ábhair sin trí Gaeilge. Agus chun go mbeadh seans acu bualadh le sainmhúinteoir nó speisialtóir san ábhair sin agus le múinteoirí eile ata ag múineadh an ábhair sin trí Ghaolainn i scoileanna eile fud faid na tíre."

Ceardlann Gaeilge sa Ghaillimh sa Samhradh. Ar nós bheith ar saoire.

"Chuir an phaindéim stop le gach aon rud. Ní raibh sé ar siúl ansan ach ar-líne – déanadh taifead ar roinnt ceardlanna ábhar le linn na paindéime agus bhí na ranganna Gaolainne ar-líne freisin."

"Anuraidh ansan ab ea an chéad iarracht an cúrsa seo a athmhúnlú agus iarracht a dhéanamh daoine a thabhairt ar an láthair arís. Is múnla saghas hibrid ata i gceist leis sa tslí is go bhfuil ranganna Gaeilge ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile saor in aisce – COGG a dhíolann Gaelchultúr as na ranganna seo a chur ar fáil ag gach leibhéal ó A2 go C2 – daoine atá saghas ag tosnú amach lena gcuid Gaolainne nó daoine atá ag iarraidh barra feabhais a bhaint amach lena gcuid Gaolainne."

Rang lán le múinteoirí gur daltaí iad féin iad.

"Tá na ranganna sin ar siúl ar maidin ar-líne. Múinteoirí iontacha Gaelchultúr atá ag múineadh na ranganna seo agus tá siad dírithe go hiomlán ar an seomra ranga."

"Is ranganna iad atá an-oiriúnach do mhúinteoirí iar-bhunscoile mar tá an téarmaíocht agus an cur chuige ábhair-bhunaithe agus scoil-bhunaithe."

"Agus ansan bíonn lá amháin ann go mbíonn seans ag na múinteoirí sin ar fad nó éinne nár dhein na ranganna ar-líne – ní ga go mbeadh siad déanta agat – teacht ag an Lá Speisialtóirí nó Lá na gCeardlann Ábhair. I mbliana beidh sé ar siúl ar an Déardaoin 15 Lúnasa i gColáiste na Coiribe sa Ghaillimh."

Tosnóidh an lá ar a 9 a chlog ar maidin agus leanfaidh go dtína 4 a chlog. Beidh seans ag na múinteoirí seisiún a dhéanamh le sainmhúinteor ina gcuid ábhair ag an bpoinnte sin.

Tá rogha ansin acu siúd atá ag freastal – ceardlann amháin a dhéanamh ar maidin in ábhar amháin agus an tarna cheann a dhéanamh tráthnóna in ábhair eile. Bíonn deis ag na múinteoirí freastal freisin ar chainteanna ag eochair-chainteoirí . Ar cheann de na hábhair a bheidh á gclúdach i mbliana tá caint ar na hacmhainní digiteacha ar fad atá ar fáil do mhúinteoirí. Beidh seastán de chuid COGG féin ann agus teacht ar na hacmhainní éagsúla a chuireann COGG ar fáil.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Cláraigí do na ranganna Gaeilge – deis saor in aisce oiriúnach do gach múinteoir – idir mhúinteoirí atá ar bheagán Gaeilge agus mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid cruinnis. Bhí na múinteoirí ar fad thar a bheith sásta leis na ranganna seo anuraidh.

Cláraigí do Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí)– deis do mhúinteoirí iar-bhunscoile teacht le chéile le múinteoirí eile a mhúineann an t-ábhar céanna leo agus foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí don ábhar sin.