skip to main content

Ár dteanga ár ndúchas - rian polasaí athbheochanna Gaeilge ó 1922 go sea

Dáil Éireann, 7 Eanáir 1922
Dáil Éireann, 7 Eanáir 1922

Súil nua ag tráchtas mhic léinn Choláiste na Tríonóide ar pholasaí teangan agus iarrachtaí athbheochana Stáit ar an Gaeilge.


Staidéar ceannródaíoch atá déanta ag mac léinn sa bhliain dheireanach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Stephanie Ní Chonchúir, ag baint corraí as an aos Gaeilge. Tugann a staidéar tráchtais dar teideal "An Ghaeilge: A Qualitative Exploration into Irish Language Policy and Revi-talisation Efforts in Ireland- Ár dTeanga, Ár nDúchas", léargais chuimsitheacha ar thuairimí agus riachtanais na gcainteoirí dúchais agus neamhdhúchasacha atá ag obair laistigh den Ghaeilge faoi na deiseanna, teipeanna agus rathúlacht ghníomhaíocht agus tionscnamh rialtais a cuireadh i bhfeidhm ó thús an tSaorstáit i 1922.

Le blianta beaga anuas tá borradh suntasach tagtha ar an spéis sa Ghaeilge. Léiríonn staidéar Ní Chonchúir gaol intreach idir féiniúlacht chultúrtha agus an Ghaeilge. Tá athruithe nach beag tagtha ar noirm shochaíocha agus ar threochtaí sóisialta na hÉireann mar gheall ar an méadú ar an digitiú agus ar rátaí inimirce atá ag dul i méid mar a éiríonn muid níos aonchineálaí le tíortha eile.

An Ghaeilge chun cinn ar an mBéarla.

B'fhéidir gur fachtóir é seo san éileamh go ndéanfaí athbheochan ar chultúr, ar theanga agus ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus muid ag iarraidh ár 'Éireannachas’ a shainiú agus a fháil amach cad a dhéanann uathúil sinn arís.

Trí agallaimh dhomhain le saineolaithe teanga ar nós Príomhfheidhmeannach TG4 Alan Esslemont agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, in éineacht le raon rannpháirtithe atá ag obair i TG4, Conradh na Gaeilge agus go leor eile, tugann an staidéar léargais nuálacha, a léiríonn an bealach chun cinn ar son athbheochan na Gaeilge.

Ina theannta sin, na léargais phearsanta seo le hanailís cuimsitheach ar pholasaithe, tuarascálacha agus staitisticí an CSO i dteannta a chéile, tugann an staidéar na saincheisteanna práinneacha táthar ag chainteoirí ar nós tearc-mhaoiniú in earnáil na meán cumarsáide, athchóiriú oideachais, tacaíochtaí Gaeltachta agus go leor eile.

Bhí mothú ar díomá ar léith eatarthu maidir le gníomhaíocht an rialtais ar nós cur i bhfeidhm an phlean straitéise 20 bliain agus athruithe molta ar bheartas tithíochta i gceantair Ghaeltachta ar nós trialacha oilteachta nár tháinig chun cinn riamh.

D’aibhsithe na rannpháirtithe an bhfaillí atá le feiceáil i gceantair Ghaeltachta agus bhí béim curtha ar an easpa seirbhísí atá ar fáil cosúil le dochtúirí, teiripeoirí urlabhra agus teanga agus fiaclóirí trí mheán na Gaeilge.

Cruthaíonn sé seo deacrachtaí maidir le tarchur teanga traidisiúnta ó ghlúin go glúin agus teaghlaigh dúchais ó cheantair Ghaeltachta ag streachailt le tithíocht a fháil mar gheall ar cheisteanna a bhaineann le cead pleanála agus easpa tithíochta chomh maith le hinrochtaineacht teanga laistigh de sheirbhísí poiblí.

Áfach, i gcomhthéacs na ndeacrachtaí sin, tá braistint thar a bheith paiseanta agus dearfach, agus aird áirithe ar an athrú ar an dearcadh a bhíonn ag an tAos óg.

An t-aisteoir Catherine Clinch i bpáirt an Cailín Ciúin.

Méaduithe ar infheictheacht na teanga ar líne agus rath ar nós 'An Cailín Ciúin' agus Paul Mescal á chur faoi agallamh i nGaeilge ar an gcairpéad dearg tá sceitimíní ar dhaoine óga inniu. Thug na rannpháirtithe faoi deara an gá atá le normalú agus uirbiú na teanga a bheith riachtanach dá marthanacht agus dá rian sa todhchaí.

Pléitear borradh atá tagtha ar "Nuachainteoirí" nó cainteoirí neamhdhúchasacha san staidéar. Sna blianta anuas tá méadú seasta tagtha ar líon iomlán na gcainteoirí le méadú de níos mó ná 112,500 taifeadta in 2022 ó Dhaonáireamh 2016, méadú de bhreis is 6%.

Léiríonn staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh an fás ar dhaonra na gceantar Gaeltachta le méadú 7% i mí Aibreáin 2022 i gcomparáid le Aibreán 2016 ag tabhairt an daonra iomlán go dtí níos mó ná 106,000 cónaitheoir.

Thabharfadh sé seo le tuiscint fás don teanga, áfach, léiríonn staitisticí an Phríomh-Oifig Staidrimh freisin gur thit líon na gcainteoirí atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ó 69% in 2011 go 66% in 2022.

Club sóisialta nua-bhunaithe, Píosa Me.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil formhór na gcainteoirí le fáil anois i gceantair uirbeacha agus toradh díreach ar thionscnaimh ar nós ghluaiseacht na nGaelscoileanna agus go leor rannpháirtithe ag léiriú an géarghá atá le méadú ar líon na nGaelscoileanna ar fud na tíre.

Léirigh an staidéar go bhfuiltear ag iarraidh níos mó bealaí chun an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga agus cainteoirí uirbeacha ag fáil amach go bhfuil siad in easnamh ar ghréasán sóisialta comhchainteoirí agus foghlaimeoirí a bhíonn ag cainteoirí dúchasach.

De bharr sin, le déanaí, mar fhreagra díreach faoin leibhéal paiseanta caillte, bhunaigh Ní Conchúir club sóisialta do dhaoine fásta agus do dhaoine óga ar fud na tíre dar teideal "Píosa Me". Tá a tionscnamh nua a bunaíodh ar dtús mar chomhrá grúpa ar líne a fuair 500 ball i gceann cúpla lá, ag fás go tapa agus anois tá sé ar fáil ar Instagram freisin.

Tá súil ag Ní Conchúir na deacrachtaí seo a mhaolú trí imeachtaí sóisialta eagraithe agus grúpaí comhrá ar líne do dhaoine ag foghlaim Gaeilge thar lear nó sa bhaile.