"D'fhéadfadh rannpháirtíocht i Scoileanna Ildánacha a bheith ina chabhair chun smaointeoireacht chruthaitheach a chur chun cinn san oideachas ": sin a deir An Chomhairle Ealaíon agus seoladh clár Scoileanna Ildánacha 2024 fógartha.
Tá iarratais oscailte anois le haghaidh Scoileanna Ildánacha 2024 a bhronnann maoiniú €4K agus Comhlach Cruthaitheach ar scoileanna páirteacha. Cuireann an clár tacaíocht ar fáil chun rannpháirtíocht leis na healaíona a fhorbairt i ngach scoil. Is é an 2 Bealtaine an spriocdháta le haghaidh iarratas.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Príomhoide Fheidhmeach Scoil Naomh Ciarán i gCill Chiaráin, Chonamara, Cáit Ní Choisdealbha, an tairbhe a bhain daltaí a scoile féin as bheith páirteach. Labhair muid freisin leis an ealaíontóir, Isbéal Nic Aoidh, a bhí ina Comhlach Cruthaitheach ar an gclár fén ról ag a leithéide.

Mhínigh Cáit Ní Choisdealbha an deis a bhronn clár na Scoileanna Ildánacha ar dhaltaí Scoile Naomh Ciarán.
"Is deis iontach dhúin mar scoil é. Tugann sé glór do na páistí bheith lárnach sa bpleanáil de chéard a cheapann siad féin é a bheith cruthaíoch. Faigheann siad blaisín beag de chuile rud i rith saol na scoile ach céard iad na rudaí is mó ar mhaith leo díriú isteach orthu. Uaireantaí, mar shampla, dhéanfadh siad, lá amháin bácála, abair, agus bheidís ana-thógtha leis agus ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh dhó sin. Agus tugann Scoileanna Ildánacha deis do na gasúr a chuid smaointeoireacht a chur chun cinn. Is í an Comhlach ansin a bhíonn á phlé sin leis na gasúr."
Níl aon easpa samhlaíochta ar na leanaí ach is dócha gur gá bheith praiticiúil fén méid gur féidir a bhaint amach, freisin?
"Sin é go díreach. Uaireantaí, mar gheall gur ealaíontóirí iad na Comhlacha féin a bhíonn sáite san ealaín go bhfuil aithne acu ar dhaoine a bheadh feiliúnach agus thar cionn ag obair in éineacht le gasúr. Bheadh aithne acu ar níos mó ealaíontóirí ná a bheadh ag múinteoirí. Tá siad in ann muid a chur i dteagmháil le na daoine cearta le haghaidh an méid is mó a bhaint as an gclár agus is féidir."
Ríonnann an tealaíontóir, Isbéal Nic Aoidh, an dualgas a bhíonn ar na Comhlacha Cruthaitheach.
"Is clár dhá bhliana atá i gceist agus an ról atá againne ná na healaíona agus an chruthaitheacht a chur chun cinn sa scoil agus go mbeadh sé mar croílár shaoil na ndaoine óga. Tá guth na ndaoine óga ana-thábhachtach sa phróiséis. Tá trí chuid sa chlár; breathnaíonn muid ar na gníomhaíochtaí atá ar bun acu cheanna féin go cruthaítheach sa scoil, taobh amuigh den scoil agus sa mbaile. Bímid ag obair leis na leanaí ansin; cruthaíonn muid coiste leis na leanaí, tagann siadsan suas le smaointe agus déanaimid go leor ceardlanna ar an gcruthaíocht. Uaidh sin tagann muid suas le creat pleanála agus sa dara bhliain ansin cuirimid an plean sin i gcrích. Tagann ealíontóirí gairmiúla isteach ansin sa dara bliain."

Is cúnamh mhóir í an ealaín, an 'A' in STEAM, don pháiste óg an smaointeoireacht cruthaitheach agus criticiúil, fiú, a fhoghlaim le teacht timpeall ar dheacrachtaí agus ar fhadhbanna?
"Sin é go díreach," a admhaíonn Cáit Ní Choisdealbha. "Agus sin é an rud a bhí an-mhaith faoin gclár ar fad. Thug sé deis do na gasúr uilig a bheith lánpháirteach ach oibriú, go minic, ar an mbealach gur theastaigh uathu féin. Níor cuireadh teorainn ar a gcuid samhlaíochta. Má bhí smaointe acu, éisteadh leo. Go minic sa saol deirtear 'No, seod é an chaoi a gcaithfear a dhéanamh ach leis an gclár seo tá sé solúbtha. Tá deiseanna acu a gcuid ceannaireachta féin a chur chun cinn agus ceannaireacht a thógáil ar a gcuid oibre féin agus a rá 'Seo hé an chaoi a bhfuil mise ag iarraidh é a dhéanamh, seo hé an fís nó an samhlaíocht atá agamsa'. Réitíonn sé sin iad don saol atá amach róimh mar gheall tá siad in ann teacht timpeall ar a dheacrachtaí féin. Tá siad in ann scileanna fadhbréiteach a chur i bhfeidhm go láidir agus tá siad in ann a bheith bródúil agus mórtasach as an obair chruthaitheacht a chruthaigh siad as a gcuid samhlaíochta féin."

Bhí an t-ádh le daltaí Chill Ciaráin ó thaobh ealaíntóirí gairmiúla, chomh maith, mar a mhíníonn Isbéal Nic Aoidh.
"I gcás Scoil Naomh Ciarán tháinig Macnas isteach sa scoil agus bhí siad ag obair leis na páistí ar feadh cúig seachtaine. Rinne siad ceardlanna leo mar theastaigh ó na páistí deilfeanna agus ainmhithe éagsúla a chruthú. Bhí siad ag iarraidh mórshiúil a dhéanamh Lá le Pádraig sa phobal. So bímid ag iarraidh nascanna a chruthú nó a threisiú leis na hionaid chultúrtha nó ealaíne sa cheantair agus deiseanna a thabhairt dos na páistí smaoineamh ar rudaí go mbfhéidir nach raibh siad ag smaoineamh orthu cheanna. Tuigeann siad freisin gur féidir dul sa tseans agus nach n-oibríonn rudaí amach i gcónaí ach go bhfuil siad ag trialladh rudaí nuálacha agus ag déanamh tubsmaointeoireacht agus smaointeoireacht cruthaitheach agus ag machnamh faoi rudaí. Táimid ag iarraidh an chultúr sin a spreagadh sa scoil agus é a chothú."
An dóigh le Cáit Ní Choisdealbha go bhfuil rian ar na leanaí a bhí páirteach sa chlár?
"Cinnte tá. Mar gheall gur scoil bheag muid freisin d'éirigh leis an scoil ar fad bheith páirteach ann. Fiú amháin anois, feicim iad ag samhlú rudaí. Fiú amháin agus iad amuigh sa chlós nuair atá siad ag spraoi agus go bhfuil siad ag rá 'Bfhéidir gur cheart dúinn é a thriall mar seo...'. Tá siad an-samhlaíoch, agus an-chruthaitheach agus cheapfainn go bhfuil go leor den bhuíochas ag dul don chlár mar gheall gur thóg sé chun cinn é sin, glór an pháiste."
Is féidir le scoileanna agus ionaid Ógtheagmhála ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2024 cuntas a chlárú ar chóras seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Tá an córas ar oscailt le glacadh le hiarratais, agus is é 17.30 ar an 2 Bealtaine 2024 an spriocdháta deiridh le haghaidh iarratas.