skip to main content

Extra! Extra! Two Johnnies Sing In Irish! Read All About it!

Blue sky thinking ar siúl ag na Two Johnnies le Creidim Ionat
Blue sky thinking ar siúl ag na Two Johnnies le Creidim Ionat

Ar mhaithe leis an oidhreacht agus an teanga tá The Two Johnnies chun leagan Gaeilge a dhéanamh dá n-amhrán 'When I play for the County' mar chuid de Creidim Ionat 2024.

Sé Aindriú de Paor de chuid 2FM atá mar mheantóir acu. Labhair sé le RTÉ.ie/Gaeilge fén jab atá aige agus an dul chun cinn atá ar siúl ag an mbeirt Tiobradaigh agus iad ag aistriú na liricí go Gaeilge.

Conas tá ag éirí leis an mheantóireacht ar an mbeirt pleidhce sin ar Drive It?

"Tá ag eirí níos fearr leis ná mar a bhí mé ag súíl. Seo seachtain a dó de Creidim Ionat agus thosaíomar ag cur tús leis an amhrán a aistriú an tseachtain seo caite. Bheartaíomar tús a chur leis an gcurfá, mar gurb é an curfá leath an amhrán! So bhíomar ag ceapadh 'Right! Beidh formhór an amhrán againn ar an gcéad lá!' Bhí mise imníoch go mbeadh bfhéidir drogall ortha nó go ligfidís do na maidí imeacht le sruth nó nach mbeidís buartha fé bhotún a dhéanamh. Ach bhíodar fiosrach faoi, ag cur ceisteanna ar an gcaoi is fearr le na nathanna Béarla a rá sa Ghaeilge, ar an bhfoghraíocht agus mar sin de. Agus chanadar an curfá ar an gclár an tseachtain seo caite. Ó shin i leith táimid ag tógáil ar na bhfocail, abairt ar abairt agus déanaimid tuilleadh dhó gach Déardaoin go deireadh an fheachtais. Beidh an t-amhrán ar fad le cloisteáil ansin. Tá sé ag dul go maith!"

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Basking in the glow of rock-god-dom. B agus Smacks, faoi seach.

An nglacann siad le meantóireacht go fonnmhar nó an iad an bheirt dána ag bun an ranga iad?

"Táim ag ceapadh gur beirt messers a bheadh ionta ach bhíodar thar a bheith toillteanach agus go maith ag glacadh le comhairle agus stiúradh go fóill. Táid siúd cosúil liom féin - ag iarraidh é a dhéanamh i gceart. Tá siad á dheánamh ar mhaithe leis an gcraic agus an spraoi - sin bunchloch gach rud a dhéanaimid. Ach tá siad ag iarraidh é a dhéanamh i gceart agus cuireann siad an cheist orm 'Bhfuil sé sin i gceart?' agus tuigeann siad ón ghlór agam má tá siad in ann feabhas a chur ar atá ráite acu, fiú má b'iarracht réasúnta a bhí ann. So tá sé iontach mar phróiséis agus ag teacht le chéile."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Agus an bhfuil tusa ag tabhairt faoi deara go bhfuil smut den mhúinteoir in Aindriú nár thuig tú faoi?

"Aisteach go leor, sular thosaigh mise sna meáin, bhí fonn orm, ar feadh seal, bheith im mhúinteoir. Táim ag fáil blaiseadh dhó anois, so nfheadar. Braithim cinneál aisteach; bhfuil an phearsantacht agam bheith ag déileál le daoine an lá ar fad nach bhfuil an oiread sin spéise acu sa rud atá á dhéanamh agat. Tá an t-adh ormsa go bhfuil beirt i gceist anseo go bhfuil an-spéis acu sa rud. Tá siad ag iarraidh é a dhéanamh agus nfheadar dá mbeidís ag tarraingt an treo eile an mbéinn in ann aige. Táim ag baint sásaimh as an bpróiséis cosúíl le rud ar bith, an raidió, na meáin nó aon oifig ar bhealach. Tá tú ag obair le daoine ar mhaithe le rud éigin a thabhairt le chéile. Is maith liom an cineál cur chuige sin."

Aindriú de Paor, wrangler teangan na Two Johnnies.

Idir Seachtain na Gaeilge agus Creidim Ionat is gearr go mbeidh an bheirt ag brionglóideacht as Gaeilge?

"Sin an sprioc! Tá siad ana-bháuíl don Ghaeilge ó bhuail mise leo an chéad lá agus bhíomar ag caint fé iarracht a dhéanamh an t-amhrán a athrú go Gaeilge. Agus tháinig Creidim Ionat chugainn - an rud ceart ag an am ceart leis na daoine cearta. Tá leithscéal iontach againn anois tabhairt fé. Is iontach an rud é gur féidir linn tabhairt fé, os comhair an phobail, ar an aer le tacaíocht Fhoras na Gaeilge agus RTÉ. Is féidir a thaispeáint gur féidir tabhairt faoi rud éigin, sprioc a thabhairt duit féin agus claí leis agus féachaint siar ar an méid gur bhain tú amach."

Bí ag leanúint #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus chun d'aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.

Cláraigh anois ar www.forasnagaeilge.ie agus cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus tacaíocht ar fad is déanaí a fháil maidir le d'aistear.