Tuilleadh maoinithe ag Coimisiún na Meáin do Stiúideo Cuan sa Spidéal le sraith eile Beo ón gCuan a chur ar fáil do Raidió na Gaeltachta.
Mhínigh Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan, Darach Mac Con Iomaire, do RTÉ.ie/Gaeilge fén ionad agus a bhfuil ar siúl ann.
"Tá ríméad orainn é seo a fháil. Is deis iontach dúinne é cuid de na grúpaí is mó sa traidisiúin a mhealladh anseo chun an Spidéal agus a bheith ag obair linn san ionad álainn atá againn i Stiúideo Cuan. Is spás ar leith é. Stiúideo a tógadh thart ar 25 bliain ó shin ar ardchaighdeán. Bhí an teicneoir a chur isteach an trealamh is déanaí dúinn, a bhíonn ag obair ar fud na cruinne, ag rá go raibh sé ar cheann de na stiúideonna is deise san Eoraip nó sa domhain, fiú. Tá sé suite i gceantar álainn, freisin."

Ar na háiseanna atá ar fáil i Stiúideo Cuan tá seomra beo atá mór mar stiúideo agus beag, cluthar mar láthair cheoil. Tá an ionad seo thar a bheith cuí do choirmeacha ceoil beaga - 60 suíocháin agus stáitse. Toisc gur stiúideo atá ann tig leo aon ghig atá á sheinm ann a thaifeadadh ar chaighdeán an-ard.
"Buntáiste eile atá againn tríd an digiteach, ar dtús le Coimisiúin na Meáin, ná go ndéanann muid taifead físe freisin ar an saothar fad a dhéanaimid taifead ar do Raidió na Gaeltachta. Bíonn sruth físe ansin ag dul amach i bhfoirm scannáin ag an am gcéanna go bhfuil an chlár raidió ag dul amach ar an raidió. Tugann sé sin luach breise don togra freisin sa chaoi is go bhfuil rochtain ag pobal i bhfad níos leithne ar an ábhar tar éis dó dul amach ar an raidió. Tá sé i bhfad níos éasca teacht air ar-líne nuair atá fís i gceist leis.
" Dar ndóigh, is i dtreo físeán atáimid ar fad ag druidim ó théamh éileamh de, glúnta óg chun tosaigh go mór ón dtaobh sin de. Agus toisc ilghnéitheacht acmhainn agus cur chuige Stiúideo Cuan, tá siad ábalta traenáil a dhéanamh d'ógánaigh.
"Tá cúrsa físe agus scriptscríbhneoireachta gearrscannaíochta do dhéagóirí, Claochlú a thugaimid air. Tá amharclann óige anseo againn freisin do dhéagóirí. So tá os cionn tríocha déagóirí idir 13 agus 17 ag obair linn ar sin agus bímid ag teacht le chéile gach Máirt ó cheann ceann na bliana ag obair ar sin. Maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge agus go leor eile a thacaíonn linn a leithéid a dhéanamh."
Ní beag sin agus is léiriú ar chumas foirne Stiúideo Cuan cur ina luí ar na bhforais éagsúla maoinithe céanna an t-airgead sin a bhronnadh. Is in ithe na putóige atá a tástáil.

"Tá deiseanna iontacha anseo fé láthair leis an Stiúideo. Tá spás iontach againn, an treallamh ar fad againn idir fís agus fuaim agus tá an spás againn thuas staighre inar féidir grúpaí a thabhairt le chéile.
Cruthaítear atmasféar álainn ann toisc na healaíontóirí, na ceoltóirí agus teicneoirí ar fad a bheith thart. Bhí Moya Brennan anseo istigh le Liam Ó Maonlaoi an lá fé dheireadh ag cur bail chríoch ar shraith a 4 de Chuan an Cheoil."

Agus ag caint ar ithe na putóige, thuas, mheas RTÉ.ie/Gaeilge go gcuireann foireann, lucht fé thraenáil agus ceoltóirí agus eile go mór le stór shiopaí áitiúla. Sa chaoi is go n-ídítear a stór bídh sna cúntair deli. D'fhéadfá a rá.
"Tá an t-adh glan orainn, óir táimid buailte béal dorais ar cheann de na café's is deise ar domhain, I'd say. An Builín Blasta. Cabhraíonn sé sin go mór - ní gá dúinn dul ag an deli-counter sa stáisiúin peitreal!"
Beidh ceoltóirí na sraithe nua Beo Ón gCuan á fhógairt fé cheann coicíse nó mar sin. Tuilleadh eolais le fáil ag Stiúideo Cuan.
Tig le héinne breathnú ar físeán an chéad sraith de Beo ón gCuan anseo.