skip to main content

Céim chun cinn á thairiscint do chéimithe le Gaeilge

Conradh oibre á tairiscint le cur le scileanna chéimithe.
Conradh oibre á tairiscint le cur le scileanna chéimithe.

Tá deis nua do chéimithe a bhfuil Gaeilge acu á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta.

Den chéad uair, tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint conradh oibre le taithí ghairmiúil a mhairfidh suas le dhá bhliain agus a bhfuil Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta beartaithe ina leith.

Tá an conradh oibre seo oscailte do chéimithe de gach cineál cáilíochta - gnó, teicneolaíocht, cuntasaíocht, pleanáil, bainistiú tograí, eolaíocht, na heolaíochtaí sóisialta agus cumarsáid san áireamh.

Gheobhaidh na hiarrthóirí rathúla taithí ghairmiúil i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta le linn thréimhse dhá bhliain an chonartha oibre.

Beidh rogha ag na rannpháirtithe a bheith lonnaithe in aon oifig réigiúnach de chuid an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh, i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, i mBéal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo, i nDaingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí nó i mBaile Mhic Íre i gCo. Chorcaí.

Nuair a bheidh an conradh oibre críochnaithe ag na céimithe, beidh a gcuid scileanna agus a gcuid cumais forbartha acu chun folúntais a líonadh i gcomhlachtaí Gaeltachta, i bhfiontair shóisialta agus san earnáil phoiblí chomh maith le folúntais in eagrais agus ranna Stáit atá ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Is d'iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil céim Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí bainte amach acu nó do dhaoine a bhfuil súil acu céim a bhaint amach ag deireadh na bliana acadúla 2023/2024 an deis seo. Is féidir iarratas a dhéanamh ach dul chuig udaras.ie.

Glacfar le hiarratais go dtí 4.00 i.n. ar an 22 Aibreán 2024.