skip to main content

"I bhfad níos éasca obair tré Ghaeilge sa Bhruiséil ná mar atá sé anseo" dar le Thomas Byrne

Agus é ag caint le Tús Áite i ndiaidh a cheapachán mar Aire Stáit Gaeltachta, bhí port dóchasach ag Thomas Byrne i leith na Gaeilge. Ach d'admhaigh sé chomh maith gur chreid sé go raibh sé, "i roinnt cásanna, i bhfad níos éasca obair tré Ghaeilge sa Bhruiséil ná mar atá sé anseo".

Dar leis go luíonn réiteach na faidhbe i gcur i bhfeidhm spriocanna an Achta Teanga.

"Tá an Roinn ag obair go dian ar an mbonn sin agus beidh mé féin ag obair go han-dian chun na spriocanna dlíthiúil atá san Acht sin a chur i bhfeidhm." arsa Byrne agus é ag caint le Fachtna Ó Drisceoil, Dé Céadaoin. "Tá Acht na Gaeilge an-tábhachtach agus go mbeadh 20% de na stáit seirbhísí a earcaítear go mbeadh Gaeilge acu agus chumas ard acu ar an nGaeilge sin."

Dúirt sé gur éirigh le hOileán Málta, an teanga dúchasach a tharrtháil ón mbás a bhí in ann di agus go bhfuil eiseamláirí eile ann ar fud an domhain, mar threoir.

"Tá sé an-dúshlánach, tá sé an-deacair, ach caithfimid é a dhéanamh."

"Is Gaeilgeoir mé, déanaim iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh fada agus is féidir liom. Ag gach ceann de na cruinnithe sa Bhruiséil a bhí mé ag freastal ortha mar Aire Eorpach d'úsáid mé Gaeilge"

D'fhiafraigh láithreoir Tús Áite, Fachtna Ó Drisceoil, den tAire Stáit nua fén mheas atá ag an gComhrialtas ar sheasamh agus tábhacht na Gaeilge - gurb é seo an ceathrú Aire Stáit Gaeltachta a ceapadh, mar shampla, le linn réimeas an rialtais reatha. Cana thaobh gur bronnadh ar Theachta Dála as Fianna Fáil é an jab? An é nach raibh sé ó éinne i bhFine Gael?

"Níl a fhios agam," an freagra a bhí ag Byrne, "ach bhí sé ag teastáil uaimse. Bronnadh an fhreagracht seo orm. Is Gaeilgeoir mé, déanaim iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh fada agus is féidir liom. Ag gach ceann de na cruinnithe sa Bhruiséil a bhí mé ag freastal ortha mar Aire Eorpach d'úsáid mé Gaeilge agus bhí caidreamh an-mhaith agam leis na haistritheoirí ansin. Measaim gur sórt Renaissance don Ghaeilge an stádas oifigiúil sa Bhruiséil." D'admhaigh sé, áfach go bhfuil sé "i bhfad níos éasca, i roinnt cásanna, obair tré Ghaeilge sa Bhruiséil ná mar atá sé anseo. Sin é mo thaithí, anseo, mar Aire. Agus bhí mise i gcónaí ag cur béim ar seo agus mé ag teacht abhaile."

Mhaígh sé go raibh sé dírithe le fonn ar obair anois ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Éist le Tús Áite Luan go hAoine ag a 5i.n.