skip to main content

New to kayaking? Fancy a challenge? Heard of the Atlantic Ocean?

Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh. Beirt chróga, leoga.
Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh. Beirt chróga, leoga.

Tugann beirt tosaitheoirí cadhcála, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh, faoi thuras éachtach saoil. Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Antaine Ó Donnaile, léiritheoir agus ceamaradóir na sraithe, fé na dúshlán a bhaineann lena leithéid a chur ar scáileán.

Níl sé gan a chontúirt, dála an scéil. Sraith ceithre chlár í "Kayak ó Thuaidh" a leanann beirt tosaitheoirí cadhcála, agus iad ag tabhairt faoi thuras eipiciúil ar chósta thuaidh na hÉireann. Tugann Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh, in éineacht leis an saineolaí cadhcála, John Hubbucks, dúshlán na gaoithe agus na dtonnta do-thuartha san Atlantach, ag cur crua orthu féin leis an aistear a chur i gcrích.

John Hubbucks, Tessa agus Irial ar a mbealach go Gabhla, an Earagail ag faire

Battling tides, massive waves and wind along the way, Tessa and Irial learn about the importance of the sea in Ireland's past, present, and future. The series celebrates the stunning scenery of the Ireland's northern Atlantic coastline, its rich history, and the people who call it home.

Tá go leor dúshlán rompu ar an turas, agus caithfidh Tessa agus Irial tarraingt ar iomlán a nirt agus ar a ndiongbháilteacht coirp leis na constaicí sin a shárú, idir stoirmeacha, taoidí agus gortuithe, agus iad ag céaslú ó iarthuaisceart Dhún na nGall go hoirthuaisceart Aontroma.

Ach tá go leor i gceist le sraith mar seo a chur le chéile. Tá deacrachtaí breise ag lucht léirithe nach mbeadh acu ar thalamh, mar a mhíníonn Antaine Ó Donnaile.

Cén sórt socruithe a bhí le déanamh ó thaobh cead cur chun farraige?

"Cósta iontach contúirteach ar fad é cósta thuaidh na hÉireann. Tá an tírdhreach garbh, creachta de dheasca na gcianta ag caismirt le fiántas na farraige móire. Bíonn taoidí agus sruthanna móra ann a bhíonn ag síorathrú agus ní féidir a bheith ag brath ar an aimsir ach an oiread. Ar an ábhar sin bhí againn le go leor leor socruithe slándála agus sábháilteachta a dhéanamh. The first thing I realised as a director and a camera operator was, that it would be impossible, downright lunacy in fact, to send people with little experience onto the water without a kayaking expert. That man is John Hubbucks, who has been kayaking and training kayaking teachers for over 30 years. While he had never before paddled around the coast of Donegal or Inishowen, he's an expert on maritime charts, on the weather and on the tides around Counties Antrim and Down. I had worked with John previously on BBC series on rivers and inland lakes and I knew we were in safe hands."

Antaine, John Hubbucks agus Irial.

"Sa bhreis air sin, toisc go mbíonn na coinníollacha chomh dúshlánach ar an chósta thuaidh, thuig mé go luath nárbh fhéidir linn John a bheith ar chúl an cheamara amháin, bheadh air a bheith díreach taobh le Tessa agus le hIrial i rith an ama chun iad a choinneáil slán ar an chontúirt. Mar sin, d'fhorbair ról John ó oifigeach sábháilteachta na sraithe go chomhláithreoir, sa dóigh is go mbeadh sé in ann a bheith díreach ar an láthair má tharla rud ar bith. Bhí sé breá ábalta ag an dá ról."

"Ní amháin go raibh John ag amharc i ndiaidh na láithreoirí, bhí sé ag amharc i mo dhiaidh féin mar cheamaradóir agus i ndiaidh Aodháin Uí Bhaoill mar léiritheoir cúnta, mar bhí muid féin amuigh i gcadhcanna leis na láithreoirí fosta, agus muid ag scannánú an turais."

Was it difficult to get insurance for the series?
"We had to give a comprehensive account to the insurance company and to safety departments of both the BBC and RTÉ. We had such a dramatic risk assessment that the BBC Safety Manager said 'There's only one problem with this trip; that I'm not going with you!'"

An chéad lá traenála. Antaine ag cur agallamh ar Tessa, sa chadhc. The point of no return.

Raibh cúltaca éigeandála ag an bhfoireann sa chás go raibh gá leis amuigh sa mhuir?

"Am ar bith a bhí muid ag taisteal níos mí ná cúpla míle amach ón mórthír, amach go Toraigh, go hInis Trá Tholl nó go Reachlainn féin, bhí bád sábháilteachta linn - a raibh inneall gasta ann. An chuid eile den am bhí an cúigear againn linn féin ar an uisce agus ag amharc inár ndiaidh féin. Ach bhí go leor druileanna sábhála déanta ag John linn agus thuig muid go maith cad é a bheadh le déanamh in am an ghá. Fosta bhí rabhchán satailíte againn - cnaipe a dtiocfadh linn a bhrú má bhí rudaí go holc ar fad - le fios a chur ar na seirbhísí éigeandála. Nuair a bhí an cúigear againn amuigh ar an uisce, bhí Pauline Smyth, an bainisteoir léirithe, agus Seán Ó Maoilsté, an léiritheoir cúnta, ag déanamh monatóireachta ar ár dturas agus ag déanamh cinnte go rabhaimid ceart go leor. Bhí siad ag fanacht linn i gcónaí ag teacht isteach dúinn, cibé áit a raibh muid."

An ghriain ag scaladh ar an gcriú : ó chlé, Aodhán, Seán, John, Tessa, Irial, Pauline agus Antaine.

Cén sórt pleanála ba ghá ó thaobh scannánú, fuaime, an t-ábhar a fháil sa channa?

"Bhí pleanáil ollmhór le déanamh againn, traenáil sa chéaslóireacht féin, druileanna sábháilteachta, an turas a leagan amach ar chairteacha farraige. Ar ndóigh, d'athraigh na pleananna sin ar fad chomh luath is a rinne muid teagmháil le huisce an Atlantaigh. Ní raibh smacht againn féin ar an chlár ama, bhí muid i dtuilleamaí na haimsire agus na dtaoidí an t-am ar fad. Nuair a bhí muid ag pleanáil bhí an aimsir go hiontach ach chomh luath is a bhain muid Dún na nGall amach tháinig doineann agus ní raibh muid in an tosú mar is ceart go cionn seachtaine eile."

Agus second takes (deabhail a second-take, shamhlóinn!)?
"Ní raibh second take ar bith ann - má fuair muid é, fuair agus má chaill muid é, chaill - ach caithfidh mé a rá nár chaill muid mórán, bhí an oiread sin go-pros, drones agus ceamaraí eile linn."

Raibh éinne agaibh i mbaol ag riptide, sruth farraige, loingeas?
"Bhí cinnte, agus go minic! Thionntaigh Irial béal faoi trí huaire ar an turas agus thit Tessa amach sa uisce faoi dhó! Ach buíochas dó Dhia agus dó John, tháinig muid uilig slán as!"

A bhfaca sibh aon ní nár phioc na ceamairí amach - míol mór, Kraken, an Marie Celeste?!
"Ní mórán - toisc go raibh mé féin agus Aodán Ó Baoill leo chor a bheith an t-am ar fad, beagnach gach rud suntasach a tharla, bhí sé ar cheamara. Rud é sin a d’fhág go raibh méid millteanach scanstoc le lódáil ar na ríomhairí gach oíche (rud ar a dtugtar data wrangling) agus le dul fríd san eagarthóireacht. Bhí an eagarthóireacht chor a bheith chomh héachtach leis an turas féin!!"

Were you ever afraid?
"Often. On the water there were different kinds of fear; personal fear, alone in the kayak on the water, worried I was able for it physically. On top of that, I was worried about the team I was responsible for. I had asked these people to undertake this trip. Not only that but I was filming in all kinds of conditions and was concerned about the quality of the pictures and sound. The additional fear was that we wouldn't manage to complete the trip. Irial pulled a muscle in his shoulder in Inis Eoghain and I was afraid the whole series was at risk due to the injury - I wasn't sure he'd be able to finish it - but thankfully he was okay after a few days' rest and we were able to finish the epic journey!"

"Ar an iomlán bhfiú go mór é a dhéanamh. Is breá liom a bheith amuigh faoin spéir agus ba phribhléid amach a bheith ábalta an tsraith seo a dhéanamh agus sult a bhaint as cuid den na háiteanna is fiáine agus is áille ar oileán na hÉireann. Buaicphointe dom féin ná an oíche a chaith muid ar Inis Trá Tholl, an t-oileán is faide ón thuaidh in Éirinn. Ní raibh duine ar bith eile ar an oileán ach muid féin, na deilfeanna, na rónta agus na héanacha mara. Eispéireas iontach a bhí ann. Spioradálta."

"Kayak Ó Thuaidh was the trip of a lifetime and we're all very proud of it. Who knows where the next trip will take us!"

KAYAK Ó THUAIDH, ag tosú ar an Aoine 12ú Aibreán, ar RTÉ One agus ar RTÉ Player