Leanann Pass It On: Sacar na mBan aistir trí chlub sacair i bpríomh sraith sacar na mban in Éirinn thar achar séasúir 2023. Nochtaíonnn an sraith an teannas is ríméid ar fad, ón bpáirc chuig an seomra feistis.
Díríonn an sraith ar dhá cheann do na foirne is fearr mná sa tír, Peamount United agus Shelbourne F.C., agus iad in iomaíocht don chraobh, fad agus atá Galway United, foireann nua sa léig le scuad óg agus bainisteoir nua, ag lorg cruthú maith a dhéanamh dóibh féin ina céad séasúr sa léig.
Díríonn Pass It On: Sacar na mBan ar charachtair tábhachtacha atá ag cur leis an suntas atá tugtha do sacar na mban in Éirinn, chun go bhfaighfidís an aitheantas atá tuilte acu ar deireadh. Do Peamount, leanann muid an captaen crannlaoch Karen Duggan, agus imreoirí óga atá díreach i ndiaidh a céad cluichí idirnáisiúnta a imirt, Tara O'Hanlon & Erin McLoughlin. Do Shels, an leas-captaen dílis diongbháilte Rachel Graham, an réaltóg dóchasach Rebecca Devereux, agus réalt na foirne Jessie Stapleton. Agus do Gaillimh, an t-imreoir óg cumasach Jenna Slattery, an chúl báire Abbiegayle Ronayne, agus an cosantóir díocasach Eve Dossen.
Léiríonn an sraith seo spreagadh na n-imreoirí seo, ag cur aithne orthu ar an bpáirc, sa bhaile, ag an obair agus ag an gcoláiste, agus an paisean atá acu don pheil le feiceáil go soiléir. Feicimid na híobairtí atá á dhéanamh acu chun imirt ag an leibhéal is airde, ag roghnú an gym agus seisiúin breise traenála in ionad saol sóisialta.
Sa chéad eipeasóid tosnaíonn Peamount, Shels agus Gaillimh a bhfeachtas chun a bheith mar churaidh ar an Women's Premier Division.
Pass It On: Sacar na mBan léirithe ag Mind the Gap Films
Eagrán 1 Dé Luain 8 Aibreáin ar RTÉ One ag 8i.n.