skip to main content

Ainneoin gur dráma ársa atá ar stáitse na Péacóige, tá sé beacht fós ar nósanna agus dual an chine daonna inniu féin

Seit, cultacha, aitmeasféar ard-ealaíonta Na Peirsigh
Seit, cultacha, aitmeasféar ard-ealaíonta Na Peirsigh

Léirmheas ag an t-ealaíontóir Bríd Ní Chinnéide ar dhráma Aeschylus aistrithe ag Nuala Ní Dhomhnaill atá ag teacht chun deiridh a léirithe reatha in Amharclann na Péacóige.

Tá sé deacair gan smaoineamh ar an gcogadh tragóideach atá ag titim amach sa Mheánoirthear faoi láthair ag féachaint ar an dráma seo de chuid Aeschylus atá á chur i láthair ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach.

Léiriú cumhachtach é seo de Thraigéide Ghréagach faoi bhánú iomlán airm na bPeirseach i gcath Salamis, sa bhliain 472 RC. Tá mórán fós le rá ag an drámadóir stairiúl faoi hubris an chogaidh impiriúil do lucht féachana na linne seo. Buíochas mór don stiúrthóir, Conor Hanratty, agus don fhile, Nuala Ni Dhomhnaill, a chuir leagan draíochtúil Gaeilge ar an dtéacs, as á a chur i láthair dúinn.

Tá saibhreas agus ceol sa leagan Gaeilge. Cé go bhfuil foirmeáltacht ag baint le drámaíochta na Sean Ghréige, braithim go bhfuil an athbheochan seo úr agus soléite i gcomhthéacs an lae inniu.

Caitríona Ní Mhurchú, an bhanríon Atossa [pic: Ros Kavanagh]

Sa chéad radharc, feicimid slua seanóirí de chuid na bPeirseach sa chathair Susa. Táid ag fanacht ar thuairisc ó feachtas cogaidh an rí, Xerxes, sa Ghréig. Ón dtosach, cuirtear atmaisféar dhorcha, drámata i bhfeidhm le seit stáidiúil de chuid Maree Kearns agus solas ó choinnle i lár an stáitse.

Tá na seanóirí ag súil le dea-scéala ach táid buartha nach bhfuil sé tagtha go fóill. Mothaítear cumhacht an cór anseo - ceann de phríomh tréithe na Traigéide Gréagaigh. Cé go bhfuil foireann láidir aisteoirí mór le rá ar an stáitse, is le guth aonarach amháin a labhraíonn siad. Cuireann Hanratty béim ar an gcór, atá mar croílár an dráma. Is é an cór a dhéanann frithchaitheamh ar ábhar an dráma don lucht féachana agus a thugann cumhacht don scéal. Nuair a thagann an bhanríon Atossa, curtha i láthair go ríoga ag Caitríona Ní Mhurchú, amach ar an stáitse, cuirtear i gcuimhne gurb é seo an pointe sa dráma go gcuireann carachtar aonair a scéal in iúl - in am Aeschylus bé seo an chéad péacán den drámaíochta nua-aimseartha san Eoraip.

Stáitsiú agus cóiriú den scoth. [pic: Ros Kavanagh]

Is ansan a thagann teachtaire le athinsint a dhéanamh ar an tragóid atá tairéis titim amach. Ní spáráiltear mionsonraí fuilteacha, agus don lucht fhéachana comhaimseartha (dom féin ar aon nós) is anseo a thosaíonn ón fíor scéalaíocht. Cé go liostaíonn an teachtaire cúpla scór ainmneacha agus go ndéanann an chór olagóin ó chroí arís is arís eile, tá an caoineacháin seo thar a bheith corraitheach agus i leagann Uí Dhomhnaill, cuirtear foirm chaoineadh Gaelach i gcuimhne.

Is annamh a insítear stair chogaidh o thaobh na cloíte. Cuireadh an dráma seo i láthair don chéad uair, san Aithin, cúpla bliain i ndiaidh cath Salamis. Tá sé fós suntasach gur roghnaigh Aeschylus an dearcadh seo mar ábhar dráma - an ag magadh faoi na Peirsigh a bhí? Nó an raibh tragóid comhchoiteann an chogaidh idir lámha aige? Deireann an teachtaire Peirseach gur throid na Gréagaigh ar a son féin, nach raibh aon rí i gceannas orthu, agus is mar sin a raibh an lámh in uachtar acu. N'fheadar conas mar a bheadh Eoraip an lae inniu dá mba rud é go raibh an bua ag na Peirsigh agus gur theip ar an ndaonlathas sa chéad bhabhta?

Faoi dheireadh, tagann Xerxes, an rí briste, amach ar an stáitse agus é ag caoineadh oráid canta, ag cur brón an náisiúin treascartha in iúl le hamhrán. Tá a bhrón chomh trom, nach féidir é a chur i leith le teanga nádúrtha - caithfear é a chanadh. Tá an éifeacht dochreidte. De réir dealraimh, bhí an óráid seo canta sa chéad leagann Gréagach chomh maith, ach ní féidir go raibh sé chomh corraitheach is a bhí ar stáitse na Péacóige nuair a chan Naoise Mac Cathmhaoil ar an sean nós. Chuir sé tragóid na Traigéide in iúl tré fad dhá mhíle, cúig chéad bliain.

Is ath-hamharc fiúntach, tairbheach é seo ar shaothar Aeschylus.

Leanann Na Peirsigh go dtí an Satharn 6 Aibreáin in Amharclann na Péacóige.