Fearann Ceatharlach fáilte in athuair don Fhéile Pancheilteach ag céiliúradh cultúr Alba, an Bhreatain Bheag, an Choirn, Oileán Mhanainn, an Bhriotáin agus Éire.
Tá Ceatharlach réidh le haghaidh ionsaí na gceilteach nuair a bhaileoidh na sluaite isteach sa bhaile thar cúig lá agus cúig oíche..
Is ócáid faoi leith í an Fhéile Pan Cheilteach a mhairfidh ón 2ú go dtí an 6ú Aibreán. Tugann an féile idirnáisiúnta seo deis do na ceiltigh teacht le chéile uair sa bhliain chun taitneamh a bhaint as comhluadar agus cuideachta a chéile.
Tá clár spleodrach réitithe ag an gcoiste áitiúil agus i measc na mbuaicphointí beidh seisiúin agus ceolchoirmeacha, léachtaí agus ceardlanna, comórtais amhránaíocht traidisiúnta agus na gcór chomh maith le píobaireacht agus drumadóireacht, cruit agus fidil agus rince idir-chilteach in iliomad ionaid ar fud an bhaile. Beidh imeachtaí agus ócáidí do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, rinceoirí, cóir, filí, scéalaithe agus lucht leanúna ó na naisiúin éagsúla.
Ceann de mhór imeachtaí na féile ná an Comórtas Idirnáisiúnta Amhrán Nua-Chumtha a bheidh ar siúl oíche Dhéardaoin, 4ú Aibreán. In iomaíocht beidh amhrán nua-chumtha ag gach ceann de na sé thír agus é curtha i láthair i dteanga cheilteach na tíre sin.
In iomaíocht ar son na hÉireann agus sa tóir ar an duais €1,500 beidh an t-amhránaí Éabha Breathnach as Conamara ag casadh a hamhrán féin "Na Pictiúir ar an mBalla".
'Siad buaiteoirí Chomórtais an Oireachtais anuraidh, Éileen Ní Chonghaile, Colm Ó Curraoin agus Antaine Ó Faracháin a dhéanfaidh ionadaíochta ar son na hÉireann ag an gComórtas Amhránaíocht Traidisiúnta a bheidh ar siúl Dé Ceadaoin, 3ú Aibreán. Déanfar beoshruthlú na gcomórtas uile ar line anseo.
Thar aon ní eile is féile don phobal agus féile teaghlaigh í an Fhéile Pan Cheilteach le clár lán d'imeachtaí agus gníomhaíochtaí a choiméadfaidh idir óg agus fásta gnóthach agus sásta sin uile agus tuilleadh….is fiú teacht go Ceatharlach le haghaidh Féile na gCeilteach an tseachtain seo. Tá gach eolas ar an suíomh www.panceltic.ie ar facebook.
Leanann an Fhéile go dtí an 6 Aibreáin.