Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Máire Nic Mhaoláin, údar 'Athmháthair', aistriúcháin ón Iodáilis ar 'Accabadora' le Michela Murgia. Sé 'Athmháthair' Leabhar na Míosa ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá an t-úrscéal seo suite sa tSairdín, sna blianta 1950-1960, agus an tsochaí ag teacht as an bhochtaineacht i diaidh dhá chogadh dhomhanda, sean-nósanna á gcleachtadh go fóill, agus an teanga dhúchais i réim. Ceann amháin de thraidisiúin an oileáin is príomhábhar don scéal seo.
Bhfuil an phobal sráidbhaile seo cúngaithe isteach ionta féin go pointe?
MNicMh: Ní théann an scéal taobh amuigh de theoranna an tsráidbhaile, deirtear é sin go cinnte, ach laistigh de comhluadar sách beag, cúng, más maith leat, atá an scéal suite. Luann siad bailte beaga sa timpeallacht sa chomhrá uaireanta ach níl aon chur síos ar na bailte sin. Ní lúann siad príomhchathair na Sairdíne nó na bailtí móra ar chor ar bith.
Tá eachtra amháin ann, i dtreo deireadh an leabhair, ina dtéann duine den dá phríomhphearsa go dtí 'tír mór', le bheith ag obair, ar imirce, más maith leat. Di siúd, is imirce go saol eile é. Luaitear imircí eile tríd an leabhar chomh maith: deirtear linn go raibh daoine gaolta le roinnt carachtair eile sa scéal ag obair sna mianaí guail sa Bheilg. Ní thagann an duine sin i gceist sa scéal, ach déantar tagairt dó agus cuirtear in iúl go mbíodh go leor daoine ar imirce.
Tá coimhlint sa leabhar chomh maith idir an Chríostaíocht agus an creideamh ársa?
MNicMh: Go díreach agus is aisteach a smaoineamh air go raibh an t-údar ag scríobh faoi lár na haoise seo caite agus ba dhóigh linne gur cheart go dtarlódh na rudaí sin níos faide siar sa stair. Ach tá siad ag druidim níos mó lenár lá féin nó le cuimhne na ndaoine. Tosnaíonn an scéal le sampla ana-mhaith de seo: Tá na daoine ag obair san fhíonghort, gur le teaghlach níos gustalaí ná na gnáthdhaoine é. Bhí an cailín seo ag piocadh na gcaora fíniúna agus cluineann sí cineál caoineadh ag teacht as balla, ach séard atá ann ná cineál de phisreog. Bhí comharsain a bhí in aighneas leo faoi chúrsaí talaimh, falantas talaimh - agus is maith atá eolas ag na hÉireannaigh air sin - agus chuir an comharsain coileán madra i bhfolach insan teorainn. Agus bhí creideamh ann, dá bhfaigheadh an madra sin bás go mbeadh deireadh leis an teorainn sin agus go bhféadfadh duine teorainn eile a tharraingt, agus bhí sé sin i gceist ag an chomharsain - go bhfaigheadh an madra bás agus go bhféadfadh seisean an teorainn a bhogadh níos mó chun sochair dó féin!

Tá coimhlint ann freisin idir an Iodáilis oifigiúil scoile agus údaráis agus an tSairdínis - thuigfeadh Gaeil na hÉireann a leithéid, gan amhras?
MNicMh: Sea, agus tá píosa maith sa scéal, nuair atá an cailín beag atá i gceist sa scéal agus an bhean níos sine seo, cineál de chailleach, cuireann sí an cailín ar scoil agus casann an tseanbhean leis an mhúinteoir agus deireann an múinteoir leis an tseanbhean go bhfuil an cailín ana-chliste, ana-éirimiúil ach go mbíonn sí ag caint an iomarca sa rang agus nach dtugann sí mórán aird ar an ghramadach. Tháinig an tseanbhean abhaile agus dúirt sí leis an chailín an méid a bhí ráite ag an múinteoir léi. Agus deir an cailín: 'Ach cén mhaith atá san Iodáilis? Labhraíonn muidne Sairdínis; tusa, mise, gach duine. Cén fáth go labhróimis Iodáilis?' Agus míníonn an bhean gur cuid den Iodáil anois iad. Is é a deir an cailín ná: ‘Ní cuid den Iodáil muid! Táimid scartha amach, chonaic mé ar an léarscáil é! Tá an fharraige eadrainn!’
Rud a thuigfeadh muintir an Bhlascaod nó go leor oileánaigh eile. Tá an mháthair sa scéal ana-mhíthrócaireach i leith duine de na príomhcharachtair, iníon s'aici, an ceathrú páiste, nó go dtugann sí 'Uimhir a 4' uirthi, seachas a hainm!
MNicMh: Tá sé dochreidte! Bíonn siad ag caint ar leas-mháithreacha! Ach seo máthair a raibh ceithre pháiste aici, ach go bhfuair a fear bás agus gur fágadh ina baintreach í. Sin téama amháin atá ag rith tríd an scéal seo chomh maith. Bhí an Iodáil sa Dara Chogadh Domhanda, nach raibh thart rófhada nuair a thosaíonn an scéal seo. 'Ní raibh aon mhaith ann riamh!' a deireadh an mháthair i dtaobh a fir, ach oiread is gur duine gan úsáid a bhí ann. Ach bhí sí ag tabhairt amach i gcónaí faoin cheathrú iníon; bhí sé deacair go leor aici bia a choinneáil leo agus bhí aiféaltas uirthi go raibh an ceathrú duine aici. Bhí sé dochreidte.
Agus cineann an mháthair seo ar an iníon sin a 'bhronnadh' ar bhaintreach eile, an t-Athmháthair sa scéal?
MNicMh: Bhuel, an Athmháthair, níorbh bhaintreach í ach bhí sí mar a cuireadh síos ar rud eile sa scéal: bhí an tSairdín lán de 'bhaintreacha na bhfear beo', na fir a chuaigh amach go dtí an cogadh, agus dá marófaí sa chogadh iad, bhí an baintreach i dteideal pinsean, agus ní raibh siadsan chomh holc as. Ach bhí go leor ban, agus níor tháinig na fir ar ais agus níor tháinig aon scéal gur maraíodh iad, bhí siad ar iarraidh, mar a déarfá, agus bhí na baintreacha sin fágtha gan aon teacht isteach ach a bheith ag brath ar chabhair na gcomharsan. Sin an fáth go raibh an máthair, gur cineál leithscéal di go raibh sí míshásta go raibh an ceathrar leanbh aici agus í fágtha gan aon teacht isteach.
Tharlódh sé sách minic go dtógfadh comharsain nó gaolta páiste mar chineál uchtú neamhoifigiúil. Agus bhí tuiscint sa phobal go raibh dualgas ann, go mbeadh ar an pháiste aire a thabhairt don Athmháthair nuair a bhí sí féin sean.
Tharlódh sé sách minic go dtógfadh comharsan nó gaolta páiste mar chineál uchtadh neamhoifigiúil. Agus bhí tuiscint sa phobal go raibh dualgas ann, go mbeadh ar an páiste aire a thabhairt don athmháthair nuair a bhí sí féin sean.
Tá rún sa scéal nach nochtfar anseo anois ach gur féidir leis an léitheoir a oibriú amach?
MNicMh: Sea, bhí tagairtí tríd an scéal go raibh rud éicint, agus leid tugtha cúpla áit, go raibh rud éicint nach raibh ar eolas ag an léitheoir go fóill ach go bhfaigheadh siad amach ar ball. Tá an scéal cineál casta ón taobh sin de. Ba í an cheird a bhí ag an Athmháthair seo ná an táilliúireacht. Bhíodh daoine ag teacht ó chian is ó chóngar chuig an bhean seo chun an miosúir a fháil dos na héadaí, gúnaí agus cultacha agus mar sin de. Lá amháin cuireann an cailín beag ceist mar gheall ar na mná a bheith i gcónaí ag caint is ag cabaireacht nuair a bhíonn na miosúir dá dtógáil, ach go gcaithfeadh na fir dul isteach i seomra eile agus gan bogadh - agus ní labhróidís. 'An bhfuil aiféala ortha cionn is gur bean tú?' a d'fhiafraigh an cailín. Dúirt an bhean ‘Ó, ní aiféala atá orthu - ach eagla. Mar tá a fhios acu cén cineál cóta a gheobhaidh siad uaimse.’ ‘Ach, cén fáth a mbeadh eagla ortha?’ Uaireanta bhíodh éadach do na mairbh á dhéanamh ag an bhean seo, agus bhí a fhios ag na fir, nuair a bhí sí ag tógáil a miosúir, go gcoinneodh sí na miosúir sin le haghaidh lá níos faide anonn.
Bhí 'Athmháthair' á phlé ag Éilis Ní Dhuibhne agus Eithne Ní Ghallchobhair ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock Dé Domhnaigh 31 Márta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta - éist anseo