Cé hé Seán an Seanchai?
Is mise Seán Óg Ó Murchú, nó Seán an Seanchaí ar Instagram. Is scríbhneoir mé agus is gníomhaí mé. Is as Corcaigh mé, ach tá mé i mo chonaí i mBeal Feriste anois.
Cén saghas scéalta a insíonn sé?
Is ficsean ghearr is mó chleachtaim, bunaithe ar thaithí lucht oibre na hÉireann, agus postáilim do shíntiúsóirí ar Substack iad. Bhi cupla gearr-scéal agam foilsithe in irisí litríochta anuraidh maraon le roinnt féin-fhoilseacháin agus altanna. Is ceart go mbeidh an leithéid céanna ann i mbliana, agus socrú le déanaí déanta leis an iris 100subtexts cuid dem shaothar a fhoilsiú go heisiach.
Cár fhoghlaim sé an cheird?
D'fhoghlaimaíos ar an jab, is dócha. Bhlasas den bhealach comhghnásach trén oideachas, gur bhaineas Coláiste na Tríonóide amach, ach tá rath i bhfad níos mó bainte agam ar bhealach níos praticiúla. Bhíos ana-thógtha foghlaim fén litríocht, agus bím ag léamh de shíor, ach creidim más é do dhúil bheith id scríbhneoir, tá sé chomh maith agat scríobh.
Cuid mhór den sprioc agam ná an litríocht a chur ar fáil ar bhealach atá níos mealltach, agus gan a bheith chomh uaigneach. Táim tar éis a bheith ag comhoibriú le scríbhneoirí eile, le healaíontóirí agus grianghrafadóirí le hairgead a bhailiú do chabhair Phailisíneach. Déanaim iarracht ar bhealadh comhaimesartha a ghlacadh agus an idirlín a úsaid chun mo thairbhe chomh fada agus is féidir liom. Sílim go bhfuil deis le tapú maidir le gréasánú - seo díreach is dual don Grúpa Léitheoireachta agus Scríbhneoireachta. Tagann grúpa bheag againn le chéíle i dtábhairne Madden's i mBéal Feirste agus líonaimid an spás ann le léamh, le scríobh agus lenár litríocht féin, agus litríocht eile, a phlé.

Ar an Déardaoin deireanach den mhí, tionólaimid oíche oscailte léitheoireachta, urraithe go fial ag Irish Pages Press, beoir Rí-Rá agus Lir Irish Whiskey. Ar tháille deonach, tá fáilte roimh aíonna teacht agus éisteacht nó a saothar féin a léamh ar feadh 5-10 nóiméad, agus péire rannpháirteach i mbun taibhiú nó taispeántais. Is iad Niamh McNally agus Mikey Cullen an bheirt a bheidh i mbun a gcuid a roinnt linn, beirt file atá i mbun saothar den scoth.
Cén t-am amárach agus cá bhfaighfeá ticéid?
Tosnaíonn an ócáid amárach ag 7i.n. i dtigh Madden's ar Berry Street. Fáilte roimh Gaeilge agus Béarla. Ticéidí le fáil anseo