Aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir í Hilary Bowen-Walsh a bhfuil slí beatha portfolio aici, idir ghearr-dhrámaí, físeáin meáin shóisialta agus fad-scannáin neamhspleácha idirnáisiúnta.
Bhí tú in Axis Bhaile Munna mí ó shin le Gaeilgeland, cúig ghearr-dhráma, conas d'éirigh leis?
D'éirigh go hiontach linn, bhí an amharclann beagnach lán agus ríméad orainn é sin a fheiceáil, bíonn sé deacair daoine a mhealladh chuig an amharclann oíche Dé Luain go himeacht Ghaeilge ach tháinig na sluaite amach agus táim ag ceapadh gur bhain siad sult as an oíche. Ba chineál turgnamh a bhí ann, deis a thabhairt d'ealaíontóirí tabhairt faoi dearcanna nua a scríobh so scaoil mise saor an chineál cruthaíochta ag an bpoint sin agus chuaigh mé i mbun stiurthóireacht don chuid is mó, ligean dóibh siúd tabhairt faoi smaoineamh ar bith fén spéir. Bhí raon aisteoirí ildánacha páirteach ann, chomh maith, bhíos ana-shásta leis.
Agus cá raghfá i ndiaidh Gaeilgeland ach go Tinseltown féin, Hollywoodland?
Bhuel, bhí orm dul go LA, bhí fad-scannán darb teideal 'The Disembodied Adventures of Alice', á thaispeáint againn in féile scannáin an Contemporary Irish Arts Centre Los Angeles, CIACLA. Deis iontach dul thar lear agus bheith i láthair mar aisteoir. Bhuaileamar le aisteoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí ildánacha ann agus dar ndóigh roinnt turasóireachta a dhéanamh agus siúl síos Hollywood Boulevard ag ligean orainn go bhfuil clú agus cáil orainn anois! Casadh roinnt celebs orainn ar nós John C. Reilly agus bhíos suite trasna ó Zooey Deschanel oíche eile, mar shampla. Baile mór le réaltaí ann!

Mar sin bhí tú in LA agus Hollywood le linn do dhordán na nOscars bheith san aer ann?
Bhí an 'buzz' san aer ann agus cé go raibh mé cheanna féin ag Hollywood i gCill Mhantáin (áit a bhfuil fógra macsamhail an cheann cáiliúil tógtha ag feirmeoir áitiúl), landáileamar an lá go raibh na gradaim ar siúl agus an lár dar gcionn bhíos ins an amharclann céanna, an Dolby Theatre. Bhí sé osréalta ar bhealach mar nach síleann tú go dtarlódh a leithéid ach is iontach an rud é.
Agus cad é scéala 'The Disembodied Adventures of Alice' - corpán, fuil agus ár?
Is sídhe-scéal dorcha atá ann ina bhfuil téamaí éagsúla ar nós malairt inscne, caillteanas, meabhairghalair agus an uaigneas, mar shampla. Is ealaíontóir í an stiúrthóir, Cléa van der Grijn, chomh maith mar sin instear an scéal trén bpróiséas a chleachtann sí féin go minic atá ilghnéitheach agus tarraingt aici as lonnú suíomhoiriúnaithe, grianghraifeadóireacht, deabhadóireacht, péinteáil agus scannán. Bhaineamar an duais don Fad-Scannán is Fearr ag Féile Scannán New Jersey, rud atá dochreidthe!

Conas mar a ligean tú scíth?
Bhuel, táim díreach tar éis beathaisnéis Britney Spears a cheannach, só tá orm é sin a léamh (ha! ha! ha!) ach tá an oiread sin leabhar ag feitheamh orm - This is how you Lose the Time War, le Max Gladstone, mar shampla.
Agus cá bhfuil do thriall anois?
Tá maoiniú faighte againn le haghaidh fadscannán nua a dhéanamh agus muid ag tosú an mhí seo chugainn ach ní thig liom a dhath a insint duit ina thaobh! Ach táim ag obair chomh maith le Macalla, i mbun stiúrthóireacht ar Tír na nÓg ar RTÉjr agus ar sraith úr do dhaoine óga, Siar Linn, do TG4, a thosnaíonn Dé Céadaoin.
Seachas sin is féidir saothar eile le Hilary a fheiscint ag Sketchimíní Mumbro Top ar YouTube.