skip to main content

Caint, comhrá agus greim i lár-Pháras - parfait!

Pantheon Pháras, iarsmalann i gceathrún Laidine na cathrach.
Pantheon Pháras, iarsmalann i gceathrún Laidine na cathrach.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Reachtaire Gaeltacht sur Seine, Ciarán Mac Guill fé mar bhfuil ag éirí leo an Ghaeilge a scaipeadh i measc imircigh, eachtrannaigh agus muintir na Fraince féin san ardchathair.

Conas tá ag éirí le pobal Ghael pháras agus Gaeltacht sur Seine?

Bhuel táimid ag dul ó neart go neart. Bíonn slua maith ag teacht lá i nidiaidh lae agus Gaeilge á labhairt acu. Tá sé níos nádúrtha anois go mbuaileann tú le daoine le Gaeilge. Bhí oíche Féile Pádraig ann in Ambasáid na hÉireann, suas le 300 duine ann don ócáid agus go leor acu ag labhairt Gaeilge.

Cé chomh fada is atá sibh ann anois?

Tá an Gaeltacht anois ann le cúig bhliain déag anuas agus beimid á chéiliúradh sin i mbliana. Tá curtha againn leis na himeachtaí san am sin. Eagraíonn Stiofáinín Nic Carthaigh an Club Amhránaíochta, le Phil Begley agus Caoimhín Ó Conghaile mar bean agus fear an tí, tá oíche acu gach coicís agus suas le cúigear déag páirteach, agus oícheannta filíochta freisin. Tá Club Leabhar ar siúl ag Pól MacUistin gach mí do ghrúpa fiche duine nó mar sin.

Oíche filíochta ó bhéal d'Fhéile Bhríde.

Cuireann Ionad Cultúrtha na hÉireann i bPáras ranganna Gaeilge ar fáil chomh maith, conas tá ag éirí leo sin?

Tá na ranganna ag fás - sé William Howard an mhúinteoir san Centre Culturel Irlandais agus ranganna ar siúl aige cúig lá sa tseachtain. Tá suas le céad duine ag freastal ar na ranganna agus bun-leibhéal agus ard-leibhéal á sholáthar, chomh maith le teastas ag deireadh na bliana ó Ollscoil Mhá Nuad. Ní hamháin sin ach tá liosta feithimhe aige dóibh siúd nach bhfuil a dhóthain spáis ann bheith san áireamh fé láthair!

Bhíodh oíche rialta agaibh san tábhairne, an Quiet Man, tráth, bhfuil sibh ag bualadh go rialta fós?

Ah bíonn oíche shóisialta againn i mbistro, Le Comptoir du Pantheon, taobh le iarsmalann cháiliúil an bPantheon féin, cuid den chathair atá Párasúil go smior. Achain Mháirt deireannach den mhí a tharlaíonn sé agus suas le fiche duine i láthair ann gach uair.

Oíche Gaeltacht sur Seine i Mí Feabhra.

Cé eagraíonn na himeachtaí seo go léir?

Bhuel tá coiste iontach i mbun oibre anseo. Sí Emer Ní Mhaolónaigh atá ina rúnaí. Láimhseálann sí na rphoist go léir agus cumarsáid fé na himeachtaí éagsula. Tá Stiofáinín Nic Cárthaigh ar an gcoiste freisin - ceoltóir chumasach ag foghlaim Gaeilge anseo, eagraíonn sí an Club Amhránaíochta agus Cór Choláiste na nGael. Agus tá Phil Begley ar an gcoiste linn chomh maith. Is í Phil, a cheap go raibh a cuid Gaeilge nach mór caillte aici, an chaighdeán anois againn - sí a cheartaíonn ár gcuid gramadaí nuair is gá!

Beidh an oíche mhíosúil ar siúl an Mháirt seo chugainn, 26 Márta, in Le Comptoir du Panthéon,
5 rue Soufflot, 75005 Páras (Métro Cardinal Lemoine, Maubert-Mutualité) óna 7.30 tráthnóna ar aghaidh agus fáilte mhór roimh gach duine.