Léireoidh Féile Litríochta Gaeilge, IMRAM, leagan idir-theangach Buile Shuibhne i mBéal Feirste i Mí Aibreáin.
Téacs iontach ón Meánaois é Buile Shuibhne ina suíonn prós agus filíocht le chéile. Cuireann Rónán, cléireach, mallacht ar rí Ultach, Suibhne, agus téann an rí bocht le craobhacha. Is éan nó leathéan é dar leis agus canann sé duanta buile faoina chuid trioblóidí go léir nó é ag moladh an dúlra gan staonadh. Sa léiriú drámata seo tá leaganacha nua i nGaeilge agus i Gàidhlig ó Rody Gorman, chomh maith le ceol beo leis an chumadóir Seán MacErlaine agus an t-amhránaí Diane Ní Chanainn, agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán mór.

This multi-media staging of Sweeny's Madness features modern Irish and Scottish Gaelic versions by poet Rody Gorman; live music by composer Seán MacErlaine and singer Diane Ní Chanainn; and screen projections by artist Margaret Lonergan. Sweeney: an intertonguing, Gorman’s multilingual version of Buile Shuibhne (in Irish, English, Scottish and Manx Gaelic) is acclaimed by Robert McFarlane as 'an utterly extraordinary work’.
Beidh Buile Shuibhne le IMRAM ar siúl in Áras Mhic Reachtain, 283-289 BÓTHAR AONTROMA, Béal Feirste, Dé hAoine 26 Aibreán, 8:30in (Doirse 8:15in) - Ticéid £12.50 Ticéid