skip to main content

Las an Bothy Band go geal don seal ghearr a rabhadar ar an saol.

Bothy Band an lae inniu: Matt Molloy, Paddy Keenan, Paddy Glackin, Kevin Burke, Seán Óg Graham; Tríona Ní Dhomhnaill agus Dónal Lunny as radharc.
Bothy Band an lae inniu: Matt Molloy, Paddy Keenan, Paddy Glackin, Kevin Burke, Seán Óg Graham; Tríona Ní Dhomhnaill agus Dónal Lunny as radharc.

Tá glúin áirithe arb iad The Bothy Band a shamhlaíonn siad le 'borradh' an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre ar fud an domhain agus beidh an-fhonn ar dhaoine den ghlúin sin an deis a thapú an grúpa faoi leith seo a fheiceáil arís agus a chloisteáil nuair a sheinneann siad le chéile den chéad uair le beagnach daichead bliain ar TG4 ag 9.30 i.n. Domhnach Cásca, an 31 Márta.

Sa bhliain 1975 a bunaíodh The Bothy Band agus is fada fairsing a bhí siúlta acu ar fud thíortha an domhain i rith ré ghairid 3 bliana le chéile. D'fhág siad oidhreacht ceoil a mbíonn a mhacalla le cloisteáil go fóill agus ar tháinig cuid mhór (murab iad uilig) de lucht cheol traidisiúnta agus cheol tíre na linne seo faoina anáil, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

Dónal Lunny agus bouzouki - an féidir an damhsóir a scagadh ón damhsa?

Leantar a maireann beo de cheoltóirí an bhanna, Matt Molloy, Dónal Lunny, Tríona Ní Dhomhnaill, Kevin Burke, Paddy Glackin agus Paddy Keenan, agus iad ag teacht le chéile den chéad uair ón mbliain 1978, ag cleachtaidh agus ag smaoineamh ar an gceol a sheinn siad le chéile agus ar an tionchar a bhí aige sin ar shaol an uile dhuine acu agus ar shaol bhaill eile den bhanna nach maireann.

An dias fidil Paddy Glackin agus Kevin Burke.

In éineacht leis an gceolchoirm spleodrach seo nach dtarlóidh a leithéid arís, é á thaifeadadh i lár chathair Bhaile Átha Cliath mar ar thosaigh an banna ag seinm ar dtús, feicfear sleachta as agallaimh, sraitheanna den chleachtadh roimh ré ar chúl an stáitse agus seanábhar cartlainne pearsanta le cairde, gaolta agus daoine den lucht leanúna de réir mar a ríomhtar scéal ceann de na bannaí is iomráití a sheinn an ceol traidisiúnta agus an toradh céatach a bhí ar a gcuid saothair sa tír seo agus thar lear.

Matt Molloy ag baint súp as seinm Tríona Ní Dhomhnaill.

Seinneann an banna ‘sa lántimpeall’, daoine sa lucht féachana thart orthu de leithéid na gceoltóirí cáiliúla Paul Brady, Moya Brennan agus an Dr Liz Doherty agus na n-aisteoirí Patrick Bergin agus Stephen Rea, agus stór ceoil agus amhrán athchruthaithe acu a chuirfidh lúcháir agus ríméad ar an lucht éisteachta agus féachana sa bhaile. Gnéithe suntasacha eile den chlár faisnéise seo ar an stíl breathnadóireachta go bhfeicfear na roghanna ceoil agus na hagallaimh phearsanta de réir mar a thit amach agus scannánaíocht á déanamh ar an gcleachtadh i rith tréimhse cúig lá roimh lá na ceolchoirme féin.

Beidh An Bothy Band ar siúl ar TG4 ag 9.30 i.n. Domhnach Cásca, an 31 Márta.