skip to main content

Tá dhá shaghas duine ar an domhain - lucht ceaptha liosta agus gach duine eile.

Is breá liom liostaí. Nílim iomlán mar dhuine gan liosta a bheith á chumadh agam. Táim paiseanta ina thaobh agus dúspéis agam ann. Is breoiteacht gleoite é. Tá 600 leabhar nóta lán agam mar iarsma ar an aicíd.

"A man without a plan is not a man" dar le Nietzsche. Nfheadar raibh aon tuairim aige fén mbean gan plean, nó seans gur chreid sé nach raibh a leithéid ann, ach níl aon fhianaise ann leis sin a dhearbhú. Gach maidin Shatharn agus sinn sna déaga d'fhiafraíodh mo mháthar díom féin agus dem dheirfiúr 'Cén plean atá agaibh anois don lá?’, í buartha is dócha go mbeimis ag tónáil thart, díomhaoin. Chuirfeadh an cheist as dom, toisc go raibh beart agam, shamhlóinn, bheith ag tónáil thart, díomhaoin. Tar éis cúpla babhta den cheist céanna seo bheith ag teacht ár dtreo, dhfreagraíos go raibh plean agam an Sudetenland a ghabháil agus ionra a dhéanamh ar an bPólann. Déagóir glic smeartáltha. Ní raibh mo mháthair impressed. Ach filleann an feall ar an bhfeallaire agus gan ró-mhoill bhí plean agam, ní hamháin sin ach líon mhóir pleananna, an iomarca pleananna - ba ghá iad a scríobh síos.

Agus leis sin, gheallaidh an tsolais orm. Liosta. Liostaí. Thiteas i ngrá. "Bhí mise i ngrá le cailín, le blianta anuas, Liosta ab ainm di". Bhíos i ngealladhraim na liostaí ina dhiaidh sin. Liostaí laethúla, liostaí sheachtainúla, mion-liostaí ar leith, liostaí ghinearálta, liosta liostaí.Gach áit a dtéinn, bhí leabhar nóta beag bídeach sa chúl-phóca - ba seo roimh gutháin glic smeartáltha, ré an chré-uamha - agus liostaí ann. Agus an sásaimh a bhainfeá as nithe a bhí le déanamh a scríobh síos ceann i ndiaidh ceann eile - suas le 7 nó 8 rud ar lá maith, fiú!

Nílim a rá go n-éireodh leat 7 nó 8 rud a bhaint amach nó a chur i gcrích gach lá, ní shin cúis liostaí. Bhainfeá sásaimh ar leith as líne a chur tré cheann nó dhó acu ceart go leor, ach ná ceap gurb shin a raison d’etre. Tá an liosta ann ar mhaithe leis féin. Ar mhaithe le fáil réidh leis an stuif ar fad atá sa block atá ag cur as duit. Tuigeann eolaithe go bhfuil liostaí sláintiúil, óir go bhfuil struss ar leith le ligean do rudaí fánacha bheith ar a seachrán thart timpeall id chloigeann ró-fhada, ag tónáil thart, díomhaoin. Caith uait iad ar phíosa páipéar.

Thuig John Lennon, Thomas Edison, Leonardo da Vinci, agus fiú daoine atá beo fós ar nós Madonna, Ellen de Generes agus Nigella Lawson tábhacht agus gliondar liostaí. Fiú an chumadóir clúitiúil Franz Liszt; bhí draíocht ar leith lena chuid ceoil, cé nach bhfios dom gur scríobh sé liostaí.

John Lennon. Fear mór liostaí.

Tá leabhair scríofa fé liostaí sa litríocht fiú, macasamail "Chatto Book of Cabbages and Kings: The List in Literature" le Francis Spufford nó "Lists: To-Dos, Illustrated Inventories, Collected Thoughts and Other Artists Enumerations" le Liza Kirwan mar péire as liosta mór fada den tsórt.

Tig leat líne a tharraingt idir liosta Myles san Béal Bocht ar ainm-chleití na scríbhneoirí is Gaelaí - Cat Chonnacht, An Capall Dána, Popshúil Mairnéalach, An Fód Móna srl srl, - agus liosta na sagairt ag Graham Linehan / Arthur Matthews in Fr Ted - Fr Hank Tree, Fr Stick Bubblecart, Fr Peewee Stairmaster srl srl agus Fr Todd Unctious.

Dar ndóigh tá amhráin cumtha in onóir an liosta álainn - an cheann is cailiúla bunaithe ar liosta an chaoirigh a chuaigh chun gruaigaire, "Sheared Lamb List" le Christy Moore, arb fearr aithne sa Ghaeilge air mar "Liosta Uain Bhearrtha" " Ohhhhh Liosta Uain Bhearrtha, ah Liosta Uain, Liosta Uain, Liosta Uain Bhearrtha…."

Tapaígí an deis, cum liosta láithreach.