Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis an fuirseoir Áine Gallagher féna seó 'For the Love of Milseáin' atá sa Lexicon anocht.
Áine Gallagher, fuirseoir, scéalaí, TED-exer, múinteoir, móidín ribíní - conas tá tú inniu?
Tá mé ana-mhaith, conas tá tú?
Go maith go raibh maith agat. Tá gig agat anocht sa Lexicon i nDún Laoghaire?
Tá, tá mé ar thuras, faoi láthair, beidh mé i nGaillimh an tseachtain seo chugainn agus i gCill Chainnigh i Mí Aibreáin.

Cén áit sa Ghaillimh?
Sa King's Head.
Ana-chuí, mar is Banríon tú, nach ea? Queen of Laidback nó a leithéid?
Oh, the Queen of Offbeat, sea.
Agus cén saghas greann a bhíonn le cloisteáil ón Queen of Offbeat?
Bhuel is dóigh go bhfuil stíl tirim agam i ndáiríre agus is maith liom rudaí beagáinín aisteach nó 'as an mbosca' a dhéanamh so an seó, 'For the Love of Milseáin', is seó é idir dhá theanga é. Deirim ag an tús 'Oh wouldn't it be great, instead of a comedy show to have a surprise Irish lesson'
Agus oibríonn sé sin, tá sé fecithe agam.
Is dóigh go gcruthaíonn sé atmasféar ar aon nós agus is féidir liom ansin bheith ag súgradh leis an fuinneamh agus an t-eagla a bhíonn ar daoine, ease people in and have a fun time chun deis a thabhairt do dhaoine a bheith ag cloisteáil an GHaeilge agus á tuiscint agus píosa spraoi a bheith acu freisin.
Disarming le haghaidh cuid den lucht éisteachta ach ní Cigire ón Roinn Oideachais tú mar sin tuigeann daoine é sin. Ach cad a mheall tú i dtreo na Gaeilge, ní raibh sé agat ag baile ná níor fhreastal tú ar Ghaelscoil, cad as ar tháinig sí?
Bhuel measaim go bhfuil mé 'representative' de phobal móraibh na hÉireann; dfhoghlaim mé Gaeilge ar scoil, agus bhí suim agam innti agus bhí mé ag iarraidh í a labhairt agus a fhoghlaim ach bhí sé deacair but, is dóigh, rinne mé é. Tá a lán scéalta agam agus a lán taithí agam thar, like, 10 mblian, ag foghlaim Gaeilge, an taithí náireach, agus anois táim ag iarraidh an taithí sin a roinnt le daoine eile, mar go bhfuil sé greannmhar, ach anuas air sin chun ionspráid a thabhairt do dhaoine. Agus arís, mar a duirt tú, níl mé i mo chigire, is duine níos cairdiúla mé agus tá sé 'relateable' do dhaoine.
Agus is léir go bhfuil sé sin fíor universally; chuaigh tú go Dún Éidinn leis an ngig seo?
Tá, is dóigh an príomh rud ná gur seó maith é agus is seó greannmhar é, ach tá na taithí céanna ag daoine lasmuigh den Ghaeilge. If you've any experience of learning a second language, nó even a bheith i gcultúr difriúil. Like bhí seó agam i Smock Alley ag an deireadh seachtaine agus cuirim an cheist i gcónaí 'An bhfuil éinne anseo nach bhfuil focal Gaeilge acu?' and its a joke, but then I find the foreigners who are there, agus tá siad ann, agus cuirim an cheist ortha, bhuel, 'ar léígh tú an blurb don seó seo?' agus léigh siad é
Agus tháinig siad ar aon chuma.
Sin é.
Bhuel go n-éirigh leat leis an gig anocht i Leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire, conas is féidir le daoine ticéidí a cheannach nó tú a fheiscint amach anseo?
Bhuel ar Instagram ag @aine_gall_her agus tá mo linktree ansin sa biog agus tá na sonraí do gach seó ann agus tá website agam freisin, ainegallagher.com.
Áine Gallagher, 'For the Love of Milseáin', The Lexicon, Dún Laoghaire, 7.45-8.45 ticéidí anseo.