Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Róisín Adams, eagarthóir an fhoilsitheora Gaeilge Futa Fata, fén bhforbairt fóirne agus foilseacháin atá ar siúl ag an gcomhlacht.
Tá sibh ag earcú agus sibh ar thóir eagarthóra eile, cad é an saghas duine atá á lorg?
"An dá rud is mó a bheadh ag taisteál ná scileanna cruinnis sa Gheailge agus suim ana-mhór i leabhra do pháistí. Bheadh gnáth scileannai oibre ag teastáil chomh maith mar chuid d'fhoireann, cumas maith cumarsáide, bainistíochta agus tuiscint ar na gnáth bog-earraí a bhíonn in úsáid in oifig. Ba chabhair é cáillocht a bheith acu sa Ghaeilge ach nach gá, ach oiread; is ard-chaighdéan Gaeilge a bheith acu an bun rud."
An mbeadh gá le taithí foilsitheoireachta ag aon iomaitheoir?
"Ní gá go mbeadh taithí foilsitheoireachta acu cheanna féin agus beidh oiliúint á chur ar fáil againn. Tá oiliúnt á chur ormsa ó thosaigh mé agus is mór an chabhair í sin. Is dócha go bhfuilimid sa tóir ar dhuine a bhfuil ana-shuim acu i scéalta agus a thuigeann go maith cad is scéalaíocht ann. Is pictiúir leabhar do dhaoine óga is mó a bhíonn á tháirgeadh againn agus líon bheag leathanach i gceist leo - caithfear an scéal a insint laistigh den líon ghairid leathanach sin."
Ní minic a thagann poist mar seo chun cinn ó thaobh foilsitheoireachta Gaeilge de, agus fóirní beaga an ghnáth taithí in earnáil na Gaeilge, mar sin is deis iontach atá ann dóibh siúd a mbeadh na tréithe thuasluaite acu.

Cad tá ar na bacáin ag Futa Fata agus súil chun cinn ar an mbliain?
"Bhuel tá roinnt rudaí spéisiúla ag teacht amach - is gnách linn 7 leabhar do dhaoine óga in aghaidh na bliana a fhoilsiú (beidh deis ann níos mó le eagarthóir nua, tá súil againn) chomh maith le leabhar nó dhó do dhaoine fásta. Cé gur gnách linn go dtí seo díriú ar léitheoirí atá faoi bhun 2-bhliain-déag d'aois, beidh leagan Gaeilge de Heartstopper le Alice Ofsman dá fhoilsiú againn do léitheoirí os cionn 12. Is sraith grafach é, bunaithe ar scéal ghrá idir bheirt lead aeracha i Sasana. Beidh Dogman 3 á fhoilsiú sa bhFómhar agus cnuasach amhráin, Ceol na Mara, bunaithe ar CD a eisíodh blianta ó shin ach beidh sé á fhoilsiú againn mar leabhar le roinnt amhrán nua chomh maith ann."
Seachas sin tá Tír Bheag, aistriúcháin ar úrscéal Fraincíse le Gael Faye le foilsiú ag an gcomhlacht chomh maith. Scéal bhuachaill óig atá ann atá ag fás aníos sa Bhurúin, agus a thaithí saoil, agus tionchar na polaitíochta agus an saoil go ginearálta air agus é ag teacht in aois.
An sprioc le cur isteach ar an bpost mar eagarthóir ná Dé hAoine 22 Marta. Eolas ag futafata.ie