skip to main content

Sraith ceolchoirmeacha chéiliúrtha ar shaothar Stephen Sondheim.

Sraith ceolchoirmeacha chéiliúrtha ar Stephen Sondheim.
Sraith ceolchoirmeacha chéiliúrtha ar Stephen Sondheim.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Aedín Gormley, láithreoir le RTÉ Lyric fm, fén gcéiliúradh an tseachtain seo ar cheoil an chumadóir Stephen Sondheim.

Cén fáth an chéiliúradh seo ar Sondheim?

Rugadh Sondheim ar an 22 Márta 1930, so, bheadh a 94ú Breithlá á cheiliúradh aige an tseachtain seo. Seo é an chéad uair go bhfuil ceolchoirm ar siúl ag ceiliúradh ceol and liricí Sondheim, ó fuair sé bás i mí na Samhna 2021. Tá na hamhráin seo dochreidthe álainn, meascán idir amhráin ghrá agus amhráin a chuirfidh mionn-gháire ar d'aghaidh.

Bhuail tú (ar feadh bomaite) leis i Nua Eabhrac - brionglóid?

Sin a cheap mé...ach thárla sé! Bhuail mé leis i Nua- Eabhrach ag ceolchoirm ag ceiliúradh a 80ú breithlá. Chroith mé a lámh agus ghabh mé buíochas leis as ucht an gceol iontach a scríobh sé. Bhí sé an-cháirdiúl. They say don't meet your heroes, but I'm glad I met mine!

Stephen Sondheim i 1978 [pic: Getty]

Inis dúinn fén gcéiliúradh seo in Éirinn - an saghas seó, cén uair a bheidh sé ar siúl agus cén áit?

Táim ag súil go mór leis. Ceolfhoireann Choirme RTÉ agus ceathrar amhránaí ón West End atá ina mbun. Meascán iontach ó cheoldrámaí Sondheim, ina measc, Company, Sweeney Todd, Into the Woods agus Follies. Beidh sé ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Deardaoin, 21 Márta, in Áras CEoldrámaíochta Náisiúnta i Loch Garman, Dé hAoine, 22 Márta, ansan in Ollscoil Luimní ar an Satharn, 23 Márch.

Tuillead eolais ag rte.ie/co agus tuilleadh anseo thíos ó Aedín féin.

Stephen Sondheim celebrated: Aedín Gormley's Ultimate Playlist