Cad a choimeádann banna ceoil le chéile thar tréimhse nach mór daichead bliain? Ón mbunscoil go dtí an Eoraifís, timpeall an RDS agus ar ais arís? Scríobhann Katie Whelan faoina taithí ag obair ar an gclár faisnéise 'Hothouse Flowers: Stick around and laugh a while', a chraolfar Luan an tSaoire Bainc ar RTÉ One.
Chaith mé roinnt ama i dteannta an bhanna i mbun taifeadta agus níorbh fhada gur chuir mé an cheist orm féin – conas atá siad fós le chéile tar éis na mblianta fada? Ní hamháin sin, conas atá siad fós ag baint sult as an gceol, as an taisteal ar fad agus as a bheith ag seinm le chéile!
Bhí ‘Don’t Go’ cloiste agam, bhí súilaithne agam ar Liam agus ar Fhiachna - ach an raibh scéal iomláin an bhanna ar eolas agam? Ní raibh, ná baol air. Thug mo chéad togra teilifíse mar chúntóir léirithe an deis dom an scéal seo a fhoghlaim agus anois, beidh an scéal sin á insint don phobal i gcoitinne i gclár faisnéise a chraolfar tráthnóna Dé Luain. Níor thuig mé go raibh an Ghaeilge, cultúr na hÉireann, sochaí Bhaile Átha Cliath agus an buanchairdeas fite fuaite go smior i scéal na Flowers – agus tuigtear dom anois gur féidir an scéal sin a roinnt i dtrí chaibidil, fréamhacha, fás agus flúirse.

Fréamhacha
Beidh clár faisnéise ar an mbanna ceoil clúiteach, Hothouse Flowers ag taisteal siar ar bhóithrín na smaointe. Fiosrófar turas iomlán an bhanna ó na 1980í go dtí an lá atá inniu ann, labhrófar leis an lucht leanúna dílis, a bhí mar fhinnéithe ar rath an bhanna timpeall na cruinne, agus cuirfear díograiseoirí eile an cheoil faoi agallamh chomh maith – ina measc an stiúrthóir Declan Lowney, a bhí i mbun léirithe ar Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse na bliana 1988 i mBaile Átha Cliath do RTÉ.
Bhí Hothouse Flowers ag seinm an bhliain sin le linn bhriseadh an chomórtais, agus ba ar an stáitse sin a cuireadh Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin in aithne don domhan mór.
Taispeánfar sa chlár go raibh bunús na Hothouse Flowers ann i bhfad níos faide siar ná taibhiú na hEoraifíse, áfach. Ba ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le The Incomparable Benzini Brothers, agus níos faide arís ar stáitse an chomórtais Ghaelaigh, ‘Slógadh’ a céad cuireadh fréamhacha an bhanna.

Thugamar cuairt ar thailte Coláiste Eoin mar chuid den chlár chomh maith, ó ba í an mheánscoil an áit ar chuir Liam agus Fiachna aithne ar a chéile den chéad uair. Bhí seoid de sheisiún ceoil ansin ag na fir i gceann dá seanseomraí ranga, agus iad i dteannta ceoltóirí eile, iarchomhscoláirí Choláiste Eoin, a mbeadh aithne agaibh orthu chomh maith!
Fás
Ansin, tógtar muid trí bhlianta forbartha an bhanna – le híomhánna corraitheacha cartlainne dá cheolchoirm ollmhór san RDS le os cionn 48,000 duine sa slua, agus físeáin dá gcamchuairteanna éagsúla ar fud na cruinne. Taispeánfar an éabhlóid ó bheirt Ghael óga a bhí tugtha don teanga, go ceann de na bannaí ceoil is aitheanta agus is mó le rá anseo in Éirinn, a bhfuil meas araon ag an bpobal agus ag muintir an cheoil air.
Pic: Liadáin Ní Bhraonáin |
Flúirse
Tógann an clár chomh fada le 2023 sinn, agus muid ar chamchuairt leis an mbanna sa Ríocht Aontaithe. Cuirtear aithne ar an lucht leanúna dílis atá tagtha ó Melbourne, Berlin, Learpholl agus eile. Tá cultúr Gaelach, teanga dhúchasach na tíre agus bua sainiúil an cheoil, go smior sna Hothouse Flowers, agus nach foláir dúinn é sin a aithint anois agus iad faoi bhláth 35 bliana ann ó d’eisigh siad a gcéad albam People.

Ba é ‘Don’t Go’ a canadh os comhair na hEorpa agus roghnaíodh liric ón amhrán aitheanta seo mar theideal an chláir. Iarradh orm mar chúntóir ar an gclár "stick around and laugh a while", machnamh a dhéanamh ar scéal na Flowers, agus tá an t-iarratas céanna anois á dhéanamh ar an lucht féachana.
Taispeánadh blaisín den chlár i dTeach an Ard-Mhéara ag seoladh Sheachtain na Gaeilge, agus ba í Gráinne Seoige a chuir na leaids faoi agallamh. Is féidir tuilleadh a léamh faoi sin anseo- https://www.rte.ie/gaeilge/2024/0301/1435436-hot-house-flowers-to-blow-the-doors-off-seachtain-na-gaeilge-2024/
Beidh Hothouse Flowers, Stick Around And Laugh A While, ar siúl ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, ar an 18 Márta, Luan an tSaoire Bainc, ag 6.30pm