What goes missing when a language is documented only by men or sanitised to protect a saintly female population? Cad a chailltear nuair is fir amháin a dhéanann taifead ar theanga? Caith siar an mórábhar seo - drink in this delightful canon.
"Cén Ghaeilge atá ar 'clitoris'?" Seo í ceann de na ceisteanna a dhéanann fuirseoir Bláithín de Burca iarracht freagra a fháil uirthi ina clár dátheangach nua faisnéise uair an chloig, The Irish for Sex. Cad a chailltear nuair is iad fir amháin a dhéanann taifead ar theanga nó nuair a dhéantar iarracht teanga a shláintiú chun íomhá de bhantracht naofa a chaomhnú?

"What is the Irish for clitoris?" And what goes missing when a language is documented only by men or sanitised to protect the idea of a saintly female population? Award-winning and outrageous bilingual standup Bláithín de Burca takes us on a jubilant journey into the Irish language past, present and future in search of wild and wanton womens' words to unlock a uniquely Irish experience of womanhood.

Tugann Bláithín de Burca, fuirseoir misniúil dátheangach a bhfuil duaiseanna buaite aici, muid ar thuras ollghairdeach chun an Ghaeilge mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh amach anseo a fhiosrú, ar thóir theanga ban fiáin, mínáireach chun taithí bhanúlacht Gaeilge faoi leith a nochtadh.

Le hagallaimh iontacha ghreannmhara le Manchán Magan, an Dochtúir Sharon Arbuthnot ó Cambridge University, The Wild Geeze, Growler, Hysteria Comedy Collective agus an baillitheoir cáiliúil focail Toose MacGearailt, is cinnte go mbeidh turas gáireachtach, fuinniúil Gaeilge, a chuirfeadh rudaí ar do shúile duit, i gceist le The Irish for Sex.

Agus í ag taisteal timpeall na tíre lena garbhsáras1 dílis Foclóir Brille ina lámh aici, casann Bláithín le Gaeilgeoirí as gach cearn d'oileán Éireann, a insíonn focail idir ghreannmhar agus álainn a bhaineann leis na rudaí is mó dlúthphearsanta dá saolta.

Le greann agus le hathmheasúnú radacach ar an nGaeilge agus ar stair chultúrtha na Gaeilge, leanann an eipeasóid Bláithín ag pramsáil timpeall na hÉireann ar lorg na bhfocal atá in easnamh uirthi ní amháin ina fuirseoireacht, ach ina saol laethúil chomh maith. Is léiriúchán Animo TV i gcomhar le Scéim Fuaim & Fís Coimisiún na Meán é Foclóir Brille.




The Irish for Sex, RTÉ One tv, Thursday 14th March at 10.15pm.