Sraith eile do superfans na Masseys, na Deeres, na harrows, barrows agus toppers. Fittingly called 'Séasúr' 2. Nfheadar mbíonn aon barrows in úsáid. Pribhléid na bhfile.
Tá 'Contractors', an tsraith faisnéise iontach seacht gclár atá bunaithe ar shiamsaíocht bhreathnaitheach ag filleadh do Shéasúr 2 ar TG4 ag 9.30pm Déardaoin an 21 Márta 2024.
Cuireann ‘Contractors’, ina ndéantar iniúchadh ar shaol oibre agus ar scéalta pearsanta 8 dteaghlach conraitheoireachta talmhaíochta ó láithreacha éagsúla thar thréimhse 12 mí, léargas uathúil, praiticiúil agus pearsanta ar fáil maidir leis an saol comhaimseartha i gceantair thuaithe na hÉireann.

Cuirtear béim sa tsraith, ina bhfuil 8 gcriú conraitheoireachta ón Mhí, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí, an Cabhán agus Dún na nGall, ar na dúshláin ghairmiúla atá acu agus iad thuas seal thíos seal, a thugann léargas gan srian gan chosc ar 8 gcriú as an ngnáth atá ar fáil chun oibre – iad go léir ina gcomhaltaí den fhogheilleagar talmhaíochta nach mbeadh an fheirmeoireacht indéanta dá n-uireasa.

Beidh innealra le deisiú, tréada le bleán, arán le bácáil, criúnna a bheidh ag achrann leo, cliaint le suaimhniú, an aimsir le tuar agus spriocdhátaí le freastal orthu. Beidh bainiseacha, géarchéimeanna teaghlaigh, tráth na gceist i dtithe tábhairne, réimis staidéir, siblíní atá deacair agus gnáthchúrsaí an tsaoil, chomh maith leis an deis plé a dhéanamh ar shaincheisteanna ar nós sábháilteacht feirme, athrú aeráide, ról an fheirmeora atá ag athrú agus aghaidh a thabhairt orthu mar aon le plé a dhéanamh ar ábhair chonspóideacha eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na hoibre.
TG4 ag 9.30pm Déardaoin an 21 Márta 2024