Clár faisnéise a thugann siar ar bhóithrín na smaointe thú go dtí an bhliain dochreidte a bhí ag an mbanna ceoil sa bhliain 1988, agus a leanann iad ar a gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2023, camchuairt a bhí díolta amach agus a chuireann an cheist, cén fáth go bhfanann banna ceoil le chéile?
Tá na Hothouse Flowers ar cheann de bhannaí ceoil na hÉireann is mó a bhfuil gean orthu ó tháinig siad ar stáitse an chéad lá riamh beagnach 40 bliain ó shin. Is i seó tallainne scoile a cuireadh an banna ceoil i láthair den chéad uair riamh. 3 bliana níos deireanaí sa bhliain 1988, chan siad os comhair 600 milliún duine ar sheó tallainne eile ar an teilifís, d'eisigh siad a gcéad albam agus is iadsan a bhí mar phríomhaoi ag gig san RDS i mBaile Átha Cliath le lucht féachana sa bhreis ar 40,000 míle duine.

Thug siad 'People’ ar an gcéad albam sin. Níorbh aon ionadh é sin mar gurbh iad banna ceoil na ndaoine iad. Ba dheas an t-athrú iad na Hothouse Flowers a spreag ár gcuid céadfaí le linn ama sna hochtóidí nuair a theastaigh údar aoibhnis uainn. 35 bliain níos deireanaí tá fuinneamh na beatha i gcónaí sa bhanna ceoil, an chúis gur sheas siad amach sa bhliain 1988.
Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While
Bank Holiday Monday 18th March, 6:30pm RTÉ ONE