skip to main content

Sisters are doing it dóbha féin - foireann iomlán ban a léirigh The Irish for Sex, turas chun taithí bhanúlacht Gaeilge a nochtadh

An fhoireann i nDoire. [Pic: Animo TV]
An fhoireann i nDoire. [Pic: Animo TV]

Sisters are doing it dóbha féin - foireann iomlán ban a thógann sinn ar thuras ollghairdeach chun an Ghaeilge mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh amach anseo a fhiosrú, ar thóir theanga ban fiáin, mínáireach chun taithí bhanúlacht Gaeilge faoi leith a nochtadh: The Irish for Sex. Seo scéala an stiúrthóra, Maya Derrington.

Mar núíosach, atá an-dúil agam sa teanga, ag tús mo thuras foghlamtha sa Ghaeilge bhí sé de phribhléid agam The Irish for Sex a stiúradh. Bhog mé go hÉirinn 27 bliain ó shin, agus sula ndeachaigh mé ar bord an bhád farantóireachta i Holyhead fiú, luigh mé isteach ar an leabhar agus ar an téip "Teach Yourself Irish" a thug mo Dhaid dom.

Shíl mé gur ag éirí ar fheabhas liom leis an nGaeilge a bhí mé, sula ndearna mé iarracht nathanna cainte a thriail le cairde nua liom i mBaile Átha Cliath, nuair a thug mé faoi deara nach raibh siad in ann focal ar bith uaim a thuiscint. Thóg sé tamall go dtí gur thuig mé gurbh í an Ghaeilge Uladh a bhí in úsáid leis na hacmhainní "Learn Gaeilge" a bhí ar fáil i Sasana ag an am, rud nár glacadh leis go hiomlán i gCúige Laighean na 90idí.

Rinne mé staidéar ar litríocht an Bhéarla i Goldsmiths, University of London agus bhí mé dírithe i gcónaí ar scéalta agus ar teanga na mná, go háirithe na mná a bhí buailte ag impireacht. Rinne "Fierce Appetites" leis an Dochtúir Elizabeth Boyle, ball de dhiaspóra na hÉireann a d'fhill abhaile cosúil liom féin, neartú ar an suim a bhí agam ar sheantéacsanna agus ar sheanscéalta na hÉireann, suim a spreagadh ionam den chéad uair nuair a léigh mé "Over Nine Waves" le Marie Heaney. Bhí fonn orm teacht ar a thuilleadh scéalta ó stair na mban agus a nguthanna féin a chloisteáil.

Chuaigh mé féin agus mo chomhoibrí is chomhchruthaitheoir, an léiritheoir Emma Keane, i mbun taighde ar chláir nua faisnéise. Ba ghearr gur léir go bhfuilimid i lár ré órga mhná léinn ag obair i réimse na Gaeilge agus litríocht na Gaeilge. Le linn ár miontaighde ar líne thángamar ar thaisce sármhná léinn, an Dochtúir Sharon Arbuthnot (teangeolaí staire agus foclóirí atá lonnaithe i Cambridge University agus Queen’s University Belfast) agus an Dochtúir Kelly Fitzgerald (Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis chomh maith le Ceann Ábhair, Béaloideas agus Eitneolaíocht agus Uachtarán ar an gCumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann) ina measc, beirt a ghlac páirt sa chlár mar shainchomhairleoirí. Tá tonn nua taighde ar shaolta, ar thaithí agus ar fhéinléiriú na mban ag teacht anseo in Éirinn, agus is ceart go bhfuil orainn é a cheiliúradh agus é a roinnt.

Scannánú ag tigh Áine

Ba léir dom féin agus d’Emma ó lá go lá go raibh dhá ghluaiseacht spreagúla ar siúl: sealbhú na Gaeilge mar ghuth saoirseachta agus féinléirithe do phobal ailtéirneach chomh maith leis an dream réabhlóidithe níos traidisiúnta, agus dea-bhorradh dhearfacht faoin gcorp agus féinléirithe maidir le corp mná, a ceileadh faoi bhrat náire roimhe seo. Chuamar go dtí seóanna de chuid Growler, The Wild Geeze agus an laoch í féin Bláithín de Burca agus fuaireamar léargas ar conas go bhféadfaimis na téamaí seo go léir a thabhairt le chéile i sár-shaothar ar leith.

Réaltín McIlhinney, taighdeoir, agus Eileen Timmons, stiúrthóir fótagraifaíochta

Turas iontach a bhí sa scannánaíocht dom go pearsanta, go fíorach is go fíreannach. Lenár mbuíon 'mná-amháin’ criú (focal buíochais lenár stiúrthóir fótagrafaíochta Eileen Timmons, oibritheoirí fuaime Mary Harkin agus Niamh Learmont), foireann ‘mná-amháin’ léirithe (léiritheoir/oibritheoir breise ceamara Emma Keane, mé féin mar stiúrthóir, agus taighdeoir Réaltín McIlhinney) agus ár láithreoir spreagtha agus spreagúil Bláithín, chuamar ag taisteal timpeall na tíre, ag dul i ngleic le tranglam trácht ionchathrach, ag dul ar strae síos bóithríní iarghúlta foraoise agus suas sléibhte ó Dhoire go dtí Ciarraí, bhámar muid féin i ndomhain nua lán-Ghaeilge lán le focail na mban.

Chomh luath is a thosaigh an léiriúchán, d’fhág mé saol an Bhéarla agus tháinig mé ar thimpeallachtaí lán-Ghaeilge. Thosaigh an rud a bhí de dhíth orm riamh ag tarlúint, nuair a bhí mé in ann níos mó agus níos mó Gaeilge a thuiscint, buíochas le haistriúchán-comhuaineach-isteach-i-leabhar-nótaí de chuid Réaltín aon am a bhí sé ag teastáil uaim, ach go háirithe. Is mór agam foighne gach duine a bhí páirteach agus an tacaíocht a thug siad dom agus don dúil atá agam sa Ghaeilge. Seo é atá ag teastáil chun an Ghaeilge a choimeád beo: comhroinnt oscailte, flaithiúil a léiríonn saibhreas lúcháireach agus mionchruinneas álainn na teanga.

Tá easpa muiníne fós ag cur as dom ag labhairt as Gaeilge – deir mo pháistí liom, agus tuigim, go bhfuil mo bhlas uafásach agus gur iomaí bearna atá le fáil i m’fhoclóir – ach cuireann an teanga faoi dhraíocht mé níos mó anois ná riamh. Táim ag súil go mór le glúin nua ilchultúrtha a leanúint agus iad ag titim i ngrá leis an teanga agus táim ag súil go mór le forbairt na Gaeilge, a rachaidh ó neart go neart leis an áilleacht uathúil, bhuan a bhaineann léi.

The Irish for Sex to be broadcast on RTÉ One tv on Thursday 14th March at 10.15pm.