skip to main content

Laureate na nÓg, Patricia Forde ag dul ar chamcuaird fiáin ar fud na tíre - i mbus plódaithe le scríbhneoirí agus maisitheoirí!

Teideal an chamcuaird a bheidh ar siúl ag Laureate na nÓg, Patricia Forde
Teideal an chamcuaird a bheidh ar siúl ag Laureate na nÓg, Patricia Forde

Agus Lá Domhanda na Leabhar Éire, World Book Day Ireland ann inniu, is cuí go bhfuil Laureate na nÓg, Patricia Forde ag dul ar chamcuaird fiáin ar fud na tíre - i mbus plódaithe le scríbhneoirí agus maisitheoirí le labhairt le páistí scoile na Éireann!

Tá naoi mí caite agam anois mar Laureate na nÓg agus táimid an-ghnóthach!

Samhlaigh Samhlaigh! Making it Up As We Go Along an t-ainm atá ar mo thionscadal agus is éard atá i gceist leis ná cruthaitheacht agus samhlaíocht a spreagadh, brionglóidí a chur chun cinn, agus misneach a thabhairt do pháistí ó cheann ceann na tíre le bheith ag léamh agus ag scríobh.

Is turas bus é the Whole Wild World tour – an tionscadal lárnach atá agam – a théann ó Chionn Mhálanna ó dheas go Cionn tSáile. Ach ní bheidh mé i m'aonar! Tá mé ag tabhairt bus lán le scríbhneoirí agus maisitheoirí in éineacht liom, chun bualadh leis na páistí agus na daoine óga atá ina gcónaí ar Shlí iontach an Atlantaigh Fhiáin.

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Turas 1400 km a bheidh ann agus tógfaidh sé coicís len é a chur i gcrích. Buailfimid leis na mílte páistí agus muid ag taisteal. Tá sé beartaithe againn freisin an bus a mhaisiú ionas go mbeidh cuma gheal shuimiúil air agus é ag gluaiseacht feadh an chósta thiar.

Tá Ruth Ní Eidhin, bainisteoir tionscadail Laureate na nÓg, gnóthach leis an lóistíocht ar fad – na scoileanna, na hóstáin, na bialanna, na hionaid, na ceadanna, na póstaeir, an marsantas …

Fuair muid an oiread sin cuirí álainn ó scoileanna agus ón bpobal, ach faraor, níorbh fhéidir linn glacadh le gach scoil, agus bhí orainn daoine a dhiúltú.

Tá súil agam go mbeidh na páistí nach mbeidh muid ag dul ar cuairt chucu in ann muid a leanúint ar líne. Sin réimse iomlán eile a bhfuilimid ag smaoineamh faoi – céard is féidir linn a dhéanamh ar líne?

Déanaim iarracht gan bheith ró-bhuartha faoi! Mar sin féin, is féidir liom dúiseacht ag a trí ar maidin ag dul, 'Cé mhéad scoil ar féidir linn a aimsiú in aon lá amháin? Cé chomh fada ó Mhálanna go Corrloch?

Den chuid is mó, dírím ar an teachtaireacht, mar tá a fhios agam go bhfuil foireann Laureate na nÓg ag tabhairt aire do gach rud eile. Baineann an teachtaireacht le cruthaitheacht a spreagadh. Is éard atá i gceist leis ná páistí a mhealladh, ó thír iontais a nguthán, agus cabhrú leo siamsaíocht a aimsiú ina gcuid samhlaíochta féin.

Patricia Forde, Laureate na nÓg, ar stáitse [pic: Leabhar Pháistí Éireann / CBI]

Ba bhreá liom freisin go gcuirfeadh siad aithne ar na daoine iontacha a dhéanann leabhair do pháistí in Éirinn. Ní mór dúinn glúin nua scríbhneoirí agus maisitheoirí a chothú, agus mar sin, tá sé ríthábhachtach go bhfeiceann daoine óga gur féidir le cruthaitheacht agus le samhlaíocht a bheith ina slí bheatha ann féin, ina dtír féin!

Is áit chasta í domhan an óige. Ar thaobh amháin – an t-am is sona i do shaol, saor ó fhreagracht – agus ar an taobh eile – am gan chumhacht, gan aon ghuth. Ní gá duit ach smaoineamh ar fhulaingt na bpáistí i gcogaí ar fud an domhain sa lá atá inniu ann len é sin a thuiscint. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach cruthaitheacht a spreagadh?

Sílim go bhfuil baint aige le neamhspleáchas. Tá do shamhlaíocht, do ghrá don léitheoireacht, do mhisneach scéalta a scríobh – tá na rudaí sin ar fad faoi do smacht féin. Ní gá duit a bheith ag brath ar theicneolaíocht nó ar dhaoine eile. Nuair a thuigeann páistí é sin, cuireann sé lena gcuid féinmhuiníne, lena gcuid neamhspleáchais. Is féidir leo eolas ar bith faoin domhan seo a fháil i leabhar. Is féidir leo eolas a fháil, ach tá rudaí eile ar féidir leo a fháil amach freisin. Is feidir leo a fháil amach cén chaoi a mhothaíonn sé bheith mar dhuine eile freisin – míle a shiúl ina bhróga. (Mura bhfuil Walk Two Moons le Sharon Creech léite agat, ní mór duit rud éigin a dhéanamh faoi sin!)

Is iad seo na téamaí a bhfuilim ag smaoineamh fúthu sula rachaimid ar an bhfód!

Leis na hardranganna, beidh mé ag caint faoi cén chaoi domhain a chruthú. Is rud é seo a dhéanann scríbhneoirí an t-am ar fad. Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé ag scríobh, gur cheap mé gur rud an-chumhachtach a bhí ann – an tuiscint go bhféadfá domhan iomlán a chumadh as do cheann féin. Ní i gcónaí a bhíonn na domhain seo chomh ilchasta le saothar iontach Tolkien: The Lord of the Rings, nó saol na ndaoine beaga ag Mary Norton agus The Borrowers (nó go deimhin an domhan fantaisíochta a chum Mary Murphy ina leabhar nua The Minute Minders le déanaí ) ach tá gach scéal suite i ndomhan faoi leith. B'fhéidir go bhfuil an domhan sin an-chosúil leis an gceann a bhfuil cónaí ortsa ann, nó beagán difriúil, nó an-difriúil.

Fógra Leabhar Pháistí Éireann / Children's Books Ireland

Tá méid áirithe de ‘thógáil domhain’ i gceist le pictiúrleabhar a scríobh freisin. Féach ar Fox & Son Tailors le Paddy Donnelly, áit ar chruthaigh sé domhan ina bhfuil siopa ina dtéann ainmhithe chun a gcuid eireaball a cheannach! Nó cé atá in ann dearmad a dhéanamh ar phictiúrleabhar álainn Mháire Zepf agus Paddy Donnelly, Míp, agus ar shaol a róbait bhig?

I mo chás féin, tá sé de nós agam domhan a chruthú nach bhfuil aon rud cosúil leis an domhan seo. I mo leabhar The Wordsmith, mar shampla, tá an scéal suite in Ark, in am tar éis téamh domhanda, nuair atá an pláinéad ar fad báite. An pláinéad ar fad – seachas Ark!

Caithfidh daoine a gcuid éadaí féin a dhéanamh, a mbia féin a fhás agus déantar ciondáil ar an teanga. Ní cheadaítear dóibh ach 500 focal. Má úsáideann tú focal nach bhfuil ar an liosta oifigiúil, caitear isteach san fhoraois thú le bheith ite ag na mic tíre!

I m’úrscéal is déanaí, The Girl Who Fell to Earth, tarlaíonn cuid den scéal ar phláinéad eile, Terros, áit a bhfuil daoine míle bliain níos faide chun cinn orainne ó thaobh teicneolaíochta de. Tá córais imdhíonachta foirfe acu agus is féidir leo maireachtáil go deo. Chuir siad daoine ar an bpláinéad seo agus bíonn siad ag faire orainn an t-am ar fad, chun níos mó a fhoghlaim fúinn. Déanann colúir a gcuid spiaireachta dóibh!

Toisc go bhfuil an scéal seo suite sa todhchaí, bhí orm rudaí a chumadh a bheadh inchreidte don am agus don áit sin. Cén dul chun cinn a bheidh déanta ag an gcine daonna i gceann míle bliain?

Tháinig leabhar Gaeilge liom amach anuraidh freisin. Tá An Mac Tíre Deireanach suite in 1652, nuair a bhí Cromail in Éirinn. Tá Cromail ag iarraidh gach mac tíre in Éirinn a mharú chomh tapa agus is féidir. Tá cailín óg ag iarraidh an mac tíre Éireannach deireanach a shábháil. Tá cineál eile tógála domhanda i gceist leis an scéal seo. Úrscéal stairiúil é seo agus tógtar an domhan le meascán de shamhlaíocht agus taighde!
Rinne an scríbhneoir Éireannach Sarah Webb rud éigin cosúil leis lena leabhar nua The Weather Girls suite in Éirinn le linn an dara cogadh domhanda. Rinne Alan Nolan é trí Molly Malone a thabhairt ar an saol arís i The Sackville Street Caper agus rinne Sarah Crossan é lena húrscéal nua Where the Heart Should Be, leabhar atá suite le linn an Ghorta Mhóir in Éirinn.

Cén bhaint atá aige seo leis an turas bus? Tá súil agam go mbeidh muid in ann na páistí a gcasaimid orthu a mhealladh chun a ndomhain féin a chruthú – domhan na bhfathach nó domhan faoi thoinn, domhan arrachtach nó domhan os cionn na scamall.

Nuair a bhíonn tú ag foghlaim conas pianó a sheinm, bíonn ort scálaí a chleachtadh. Nuair a bhíonn tú ag foghlaim conas scéal a scríobh is féidir leis an saghas seo oibre matáin na samhlaíochta a neartú.

Is féidir le páistí dánta nó scéalta a scríobh nó is féidir leo pictiúir a tharraingt. Mura bhfuil siad muiníneach go leor chun scéal a scríobh síos, is féidir leo a gcuid scéalta a insint dúinn, cur síos a dhéanamh ar an domhan seo atá cruthaithe acu.

Mothaím na sceitimíní fiú ag smaoineamh air – tá sé ar nós a bheith ag súgradh arís!

Is rud nádúrtha é do pháistí óga a bheith ag súgradh agus is pribhléid é an spás sin a roinnt leo. Ach is gné thábhachtach é an ‘súgradh’ seo nuair atá tú ag scríobh do pháistí – an tsaoirse sin chun rudaí a thriail, botúin a dhéanamh, teip agus tosú arís.

Le déanaí, tá mé ag déanamh díonmhacnamh ar shúgradh tumthach (súgradh/drámaíocht ina mbíonn gasúir tumtha go hiomlán). Tá muid ag cloisteáil scéalta faoi ghasúir nach bhfuil in ann a n-aird a dhíriú ar rudaí ar feadh i bhfad. Bíonn iarmhairtí aige seo ar fhoghlaim na léitheoireachta.

Teastaíonn smacht áirithe chun úrscéal a léamh – smacht, teacht aniar agus oiread féinmhuiníne chun ceann scríbe a bhaint amach.

Má dhéanann tú staidéar ar pháistí óga agus iad tumtha go hiomlán i gcluiche – ag tabhairt aire do bhábóg nó ag rith siopa – tá na scileanna sin ar fad á léiriú acu.

Is dóigh liom gur féidir linn cabhrú leis an súgradh seo – cabhrú leis na páistí a bheith tumtha go huile is go hiomlán i saol na samhlaíochta. Ceapaim freisin gur féidir leis a bheith ina réamhfhoghlaim úsáideach don léitheoireacht.

Ach inniu, táim ag tnúth le bheith i measc daoine cruthaitheacha agus i measc páistí in Mí Aibreáin. Táim ag súil go mór leis an radharcra míorúilteach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a fheiceáil arís agus le scéalta a roinnt leo siúd a gcasaimid orthu – making it up as we go along!