Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Stiúrthóir Axis Bhaile Munna, Niamh Ní Chonchubhair fén líon leathan imeacht atá beartaithe acu le linn Seachtain na Gaeilge idir chiorcal comhrá, dráma Gaeilge, agus scannán ar Mná na Munna ar siúl ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Cad iad na himeachtaí atá beartaithe ag Axis Bhaile Munna do SnaG?
"Bhuel ar ndóigh tá pobal láidir Gaeilge i mBaile Muna agus iad ag lorg bheith i láthair ag imeachtaí Gaeilge mar sin déanann Axis tréan-iarracht an t-ábhar cuí a sholáthar. An tseachtain seo chugainn beidh ciorcal comhrá ar siúl Dé Céadaoin, ina mbeidh cúpán tae le Ray Corcoran, nó Sparky, mar is fearr aithne air, mar Fear an Tí.
Tá Ray ag dul i mbun an Ghaeilge a fhoghlaim arís agus dóibh siúd gur mhaith leo leanacht lena shampla cuireann Axis deiseanna agus an-fháilte é sin a chur os comhair daoine a cheapfadh go bhfuil a chuid Gaeilge lag. Ach leagaimidne an bhéim ar an gcomhluadar, agus meallann sé sin daoine. Tá go leor Gaelcsoileanna agus fuinnimh sa cheantar maguaird mar sin níl aon easpa daoine thart a bheidh ag iarraidh bheith páirteach, cuma más líofa atá siad nó gan a bheith.

Beidh dráma ar siúl ag compántas AerachAiteachGaelach freisin?
"Tá gaol a chothú againn le Aerach Aiteach Gaelach le tamall, compántas den chéad scoth atá ionta agus iad ag díriú ar an bpobal aerach agus aiteach le roinnt mhaith blianta. Chualamar fé dráma a scríobh siad dar teideal An Chos Eile agus a chuireamar ar siúl in Axis é mar gur tuigeadh dúinn go raibh sé úr-nua mar phíosa. Scéal é bunaithe i seomra feisteas CLG agus beirt ar an bhfoireann a thiteann i ngrá, scéal den scoth. Mar sin nuair a chualamar fé Grindr, Saghdar agus Cher agus an tóir a bhí air chinneamar ar iarracht a dheanamh é a chur ar siúl anseo in Axis, agus an t-ádh linn go bhfuil an triúir aisteoir saor le linn Seachtain na Gaeilge."

Cad iad na himeachtaí eile gur féidir le daoine sult a bhaint astu in Axis?
"Tá gearrscannán atá déanta ag BRYR (Ballymun Regional Youth Resource), dar teideal, Mná na Munna, agus sraith grianghraif ceangailte leis an scannán, bunaithe ar mhná áille áitiúla an cheantair ar siúl do Lá Náisiúnta na mBan, Dé hAoine agus beidh an taispeántas grianghraifeanna ar crochadh i ndánlann an chafe ar feadh dhá mhí. Chomh maith leis sin tá taispeántas ar siúl ag an tealaíontóir, Moran Been-noon, Here nor There, atá dírithe ar an cheangal idir an áit, an cultúr agus an sochaí agus mar a nascaimid le chéile, cuma cén eitneacht sinn. Is bailiúcháin digiteach agus triail smaointeoireachta fisiciúla Moran atá ann, agus mar a chuimhnímid ar neadú, ar an mbaile, nó socrú síos."
Beidh gearrscannán 'Mná na Munna' á thaispeáint ag a 11 a chlog Dé hAoine, 8ú Marta, Lá Idirnáisiúnta na mBan, in amharclann Axis agus beidh an taispeántas grianghraifeanna le feiscint sa chafé go ceann dhá mhí. Tuilleadh eolais axisballymun.ie