skip to main content

Conair Chultúrtha á seoladh ag Coláiste na hOllscoile Bleá Cliath le céiliúradh a dhéanamh ar chultúir éagsúla

Conair Chultúrtha le seoladh inniu i gColáiste Ollscoile Bhleá Cliath.
Conair Chultúrtha le seoladh inniu i gColáiste Ollscoile Bhleá Cliath.

Cuirtear fáilte romhat bualadh isteach chuig an chéad ócáid i Sraith chultúrtha UCD de chuid Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí. Tionól é seo do phobal na Gaeilge i UCD idir chainteoirí líofa agus iad siúd a bhfuil dúil acu i labhairt na teanga le 'cúpla focal' ag ár ‘Pop-up caife’. Beidh Clár Bán ollmhór ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo an focal is ansa leo a chur air.

Sí an tOllamh Regina Uí Chollatáin a fhearann an fháilte roimh phobal na Gaeilge - idir líofa agus báúil - le blaiseadh den mbia-chlár chultúrtha atá á reachtáil ón 5-7 Márta ag a 1 a chlog gach lá.

Beidh féile 'pop-up' chultúir domhanda dírithe ar Ireland and the World dá dtógáil le blaiseadh a thabhairt dóibh siúd i láthair ar cheol agus rince as Éireann, ón Aifric, ón Ind, ón Indinéis agus ón tSeapáin, leis.

Ar na himeachtaí san áireamh Dé Máirt beidh fáilte ó Uachtarán UCD, an tOllamh Orla Feely agus seinnfidh Ceolfhoireann Gamelan UCD, fé stiúir an Dr Peter Moran; ar an gCéádaoin beidh ceol agus rince Afro Beat le clos, agus ríleanna, cornphíopaí agus poirt ón Trad Group maraon le rincí Bollywood ó Chumann Indiach UCD agus Drumadóireacht Taiko le Cumann Seapáinise UCD ar an Déardaoin.

Físeán thuas ar 'Fave Focail' de chuid Scoil na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Bleá Cliath


5, 6 agus 7 Márta 2024 ag 1i.n. in An Cuas, bunúrlár, Foirgneamh Newman.