skip to main content

Cúig nóiméad le Peter Coonan, féna scannáin nua, King Frankie, agus fé mar a chaitheann sé a chuid ama saoir

Peter Coonan, aisteoir.
Peter Coonan, aisteoir.

Caitheann RTÉ.ie/Gaeilge cúig nóimead i dteannta Peter Coonan, réalt an scannáin nua, King Frankie, a taispeáneadh ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhleá Cliath (DIFF) le déanaí agus fé mar a chaitheann sé a chuid ama saoir.

Seoladh an scannáin, King Frankie, ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhleá Cliath (DIFF), ar an 24 Feabhra agus sé Peter atá i mbun ról an phríomh-charachtar, Frankie, tiománaí tacsaí lena chomhlacht taxi féin i mBleá Cliath. Buailimid leis agus é ag dul i ngleic le tarlúint mhór ina shaol, agus de réir a chéile faighimid amach go raibh roinnt rud eile a tharla dó i rith a shaol a bhfuil ag imirt tionchar fós air.

Tógann 5 nóiméad le Peter Coonan 6 nóiméad i ndáiríre mar tá sé chomh galánta mar dhuine.

Beidh King Frankie le feiscint sna pictiúrlann níos déanaí i mbliana.