Cíorann athbreithniú le Arthur Mathews ar paimfléad as 1949 dar teideal 'Red Stars over Hollywood' de chuid an Catholic Cinema & Theatre Patrons' Association an bhuairt a bhí ar phobal áirithe roimh tionchar na gCumannach ar mhór-scannáin Hollywood.
Déileáiltear sa phaimfléad seo, ón mbliain 1949, leis an mbagairt a bhí i gceist leis an gCumannachas do Hollywood tráth a raibh faitíos ollmhór i Stáit Aontaithe Mheiriceá roimh an 'mBagairt Dhearg'. Is é The Catholic Cinema & Theatre Patrons’ Association a d’fhoilsigh an paimfléad (nach bhfuil ann níos mó, de réir cosúlachta) agus The Tipperary Star (atá i mbarr na maitheasa i gcónaí).
Chuir The Catholic Truth Society of Ireland na milliúin de na paimfléid focal ar fhocal ar fáil ina raibh teidil ar nós Dirty Stories, Don’t Swear Like That!, Sister Felicitas Wins A Bicycle, agus The Goat Burgler. Rinne Veritas (is dóigh liom a bhain sásamh as an ngné íocónach/cumha/kitsch chomh maith le haon dream eile) athphriontáil ar go leor de na clúdaigh sa bhliain 2013.
This pamphlet, from 1949, deals with the Communist threat to Hollywood at a time when the United States was gripped by a fear of the 'Red Menace'. It was published by The Catholic Cinema & Theatre Patrons' Association (seemingly no longer in existence) and The Tipperary Star (still going strong). The Catholic Truth Society of Ireland produced literally millions of similar pamphlets, featuring such titles as Dirty Stories, Don’t Swear Like That!, Sister Felicitas Wins A Bicycle, and The Goat Burgler.
Cé go maíonn Michael Ó Tuathail gurbh é féin an t-údar (ar mhaithe le dleachtanna móra a éileamh, is dóigh), is tuairisciú agus athphriontáil a dhéanann sé den chuid is mó ar obair Myran C Fagan, an Frithchumannach Meiriceánach Antoisceach.
Mar phríomh-mhír Red Stars tá an t-aitheasc a thug an ‘tUasal X’, fear mistéireach in Amharclann El Patio in Hollywood agus a tharla sa bhliain 1948. Rinne an ‘tUasal X’ cur síos air féin mar aisteoir ‘a bhfuil aithne mhaith agaibhse a fhreastalaíonn ar an bpictiúrlann seo air’, ach roghnaigh sé labhairt leis an lucht féachana agus masc á chaitheamh aige chun a anaithnideacht a chosaint:
‘Is é seo an t-aon bhealach atá agam le mé féin a chosaint ar scriosadh eacnamaíoch – an bás b’fhéidir.’ Ainmníonn sé pearsantachtaí i measc na ‘bPríomhchumannach’, atá ag barr na pirimide in Hollywood, agus luann sé an dlúthchaidreamh a bhíodh aige leo tráth.

‘D’imrínn cluiche cártaí (Pinocle) le Louis B. Mayer ina theach mór galánta in Santa Monica; le Harry Warner ina phálás de theach rainse’ (bhí mise den tuairim gurb ionann ‘Pinocle’ agus cluiche ina mbíodh liathróid agus raicéad in úsáid, ach is cluiche cártaí atá i gceist). Beidh an píosa ar aisteoirí a bhfuil páirteanna sagart acu sna scannáin mar údar spéise ar leith do mhuintir na hÉireann.
Rinne réalta mór amháin, a raibh aithne mhaith air, páirt an Athar Paul in The Miracle of The Bells. Déantar cur síos i leabhar le Kenneth Bell, ar a dtugtar Confessions of Stalin’s Agent, ar an siamsóir seo mar ‘dhuine de na Cumannaithe ba mhó a sheas amach in Hollywood’, fear a bhí ‘ag súil go dtitfeadh gach ógbhean i laige ar a ghlór slóchtach a chloisteáil.’
Of particular Irish interest is a section on actors playing priests in movies. One well-known star played the role of Father Paul in The Miracle of The Bells. A book by Kenneth Bell, called Confessions of Stalin's Agent, describes this entertainer as 'one of the outstanding Reds in Hollywood', somebody who 'expects every young maiden to swoon at the sound of his rasping voice.’ We also learn he is ‘one of the star performers at American Youths For Democracy rallies where young people are recruited in to the Communist Party.’ This complete subversive is revealed as none other than ‘Frankie Sinatra.’
Faighimid amach freisin ‘go bhfuil sé ar dhuine de na haisteoirí is mó le rá ag slógaí na American Youths For Democracy, áit a raibh daoine óga á n-earcú sa Pháirtí Cumannach.’ Déantar an ceannairceach seo a nochtadh agus cé eile a bheadh ann ach ‘Frankie Sinatra’ é féin. Idir an dá linn, bhí páirt ‘Father Francis Chisholm’ ag Gregory Peck in Keys of The Kingdom. Níl údar an ailt seo, Maxwell Anderson róshásta. Tá Peck ‘ar dhuine d’urraitheoirí lucht féachana Shaotharlann na nAisteoirí, agus é mar phríomhfheidhm aige aisteoirí óga uaillmhianacha a mhealladh isteach in eagraíochtaí ina mbeadh siad faoi thionchar ag na Cumannaithe’.
Meanwhile, Gregory Peck played ‘Father Francis Chisholm’ in The Keys Of The Kingdom. Maxwell Anderson, the author of this section, is not pleased. Peck ‘is one of the audience sponsors of the Actors’ Laboratory Theatre, whose prime function is to draw ambitious young actors into the orbit of Communist front organisations’. Henry Fonda donned the clerical collar in a film called The Fugitive. Fonda was also a troublemaker who was on the Committee for The First Amendment, another ‘Communist Front’ organisation.
Chuir Henry Fonda bóna sagairt air féin sa scannán The Fugitive. Bhí Fonda ina mhac mioscaise agus ar dhuine den Committee for The First Amendment, ‘Fronta Cumannach’ eile. Ní bhreathnaíonn sé go raibh mórán páirteanna sagart sna scannáin ag Orson Welles, ach ainmníonn Anderson an t-aisteoir agus an stiúrthóir, tar éis dó a fháil amach gur ‘thug Welles ruaig ghasta ar chairde i mBaile Átha Cliath le gairid’, mar dhuine de na daoine siúd a bhí ‘cleamhnaithe’ leis an gCoiste Meiriceánach maidir le Daoine a Saolaíodh Thar Lear a chosaint, ‘Fronta Cumannach’ a d’oibrigh go dlúth leis an gCosaint Idirnáisiúnta, an chuid dhleathach den Pháirtí Cumannach, chun cumannaithe agus daoine a thaobhaigh leo a chosaint’. (Cuireann an t-údar an cheist freisin, ábhairín fánach, ‘an nglacann Orson Welles… leis an méid atá á theagasc ag an Eaglais Chaitliceach maidir le hifreann agus leis an méid a léirigh Muire Fatima chomh soiléir sin do na leanaí?’)
Orson Welles doesn't seem to have played many priests in films, but after noting that Welles recently 'played a flying visit to Dublin to see old friends’, Anderson goes on to name the actor and director as one of those ‘affiliated’ with The American Committee for the Protection of Foreign born, yet another ‘Communist Front (which) works closely with the International Defence, the legal arm of the Communist Party, in defence of foreign born communists and sympathisers’. (The author also asks, somewhat tangentially, ‘Does Orson Welles… accept what the Catholic Church teaches about hell and what Our Lady of Fatima so vividly depicted to the little children?’) With all this subversive activity, it’s a wonder that all these actors got any time to make films.
Is údar iontais leis an ngníomhaíocht cheannairceach seo go léir, go raibh an t-am ag na haisteoirí seo le scannáin a dhéanamh. Ní amháin go n-ainmnítear go leor do na daoine seo a thaobhaigh leis na Cumannaithe, ach tugadh a seoltaí freisin. Sa chás go mbeadh aon léitheoir Éireannach eile in Hollywood agus gur mhian leo agóid a dhéanamh ag tithe cónaithe na gCumannaithe Antoisceacha seo, bhí ar a gcumas a theacht ar Kate Hepburn ag 1141 Bóthar Tower, Beverley Hills, Charlie Chaplin ag 1085, Summit Drive, Beverley Hills, agus Groucho Marx ag 710 N. Hillcrest Road.

Críochnaítear na Red Stars leis na moltaí ó thaobh tuilleadh ábhar léitheoireachta de (tá tuilleadh paimfléid leis an Oirmhinneach Denis Fahey, C.S.Sp., D.D., D.Ph., B.A.) ina ndéantar anailís agus plé ar ‘na gnéithe éagsúla maidir leis an streachailt uafásach atá sa domhan idir Ár dTiarna Íosa Críost agus fórsaí nádúraíocha eagraithe faoi cheannaireacht an tSátain.’ Áirítear orthu seo, ‘The Mystical Body of Christ in the Modern World’, agus ‘The Tragedy of James Connolly’ (‘Déanann an fhíric go bhfuair sé (Connolly) bás faoi chúram na hEaglaise, a chuid eiriceachtaí sóisialta i bhfad níos contúirtí i lámha na dtreascróirí’).

Measadh Vanessa Redgrave chomh déanach leis an mbliain 1968, (ar Marxach i ndáiríre ab ea í) a roghnaíodh do pháirt Guinevere in Camelot, mar rogha a bhí thar a bheith conspóideach, scannán ina raibh sí ina comhréalta le Richard Harris. Breathnaíonn sé go bhfuil an cás sa lá atá inniu ann aisiompaithe go hiomlán. Is deacair a shamhlú go ndéanfadh maithe móra Hollywood rud ar bith eile ach cúl droma a thabhairt d’aisteoir de chuid Hollywood le dearcadh coimeádach. Tá sé deacair a shamhlú freisin go rachaidh an luascadán ar ais go dtí an saol siúd ina raibh Michael Ó Tuathail agus Myron C Fagan ag maireachtáil.