Bhí an Ghaeilge le clos i lár an aonaigh ag gradaim cheoil na ndaoine Radio 1 Folk Awards Dé Máirt seo caite in Vicar Street. Bhí líon mhór buaiteoirí a labhair go líofa agus go nádúrtha agus iad ag glacadh leis na gradaim acu ar stáitse.
Cé go raibh roinnt cainte i nGaeilge le clos ó fhear an tigh féin, John Creedon agus ag Zoe Conway a bhronn an duais ar Aoife Ní Bhriain do ceoltóir urlise na bliana (Best Folk Instrumentalist), bí an chaint a thug Aoife tús leis an scuaine daoine a labhair Gaeilge.

B'é Eoghan Ó Ceannabháin a bhain gradam an amhránaí is fearr (Best Folk Singer) maraon leis an ngradam don traic úr ab fhearr (Best Original Folk Track) do 'Anáil na hOíche'.
Bhain Piaras Ó Lorcáin and Bláth na hÓige an duais don traic is fearr traidisiúnta (Best Traditional Folk Track) do 'Seán Gabha' agus bronnadh onóir saoil ar Thríona Ní Dhomhnaill.
Ní raibh an tÉireannach onórach, Rhiannon Giddens, Carolina Thuaidh bodhar ar an méid Gaeilge a bhí le clos. Duine í a thuigeann go maith an tábhacht le traidisiúin agus an áit as ar fáisceadh tú agus labhair sí fén dtábhacht agus tairbhe a fuair na leanaí aici féin as freastal ar Ghaeilscoil.

Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh gradam don ealaíontóir is fearr atá ag teacht chun cinn (Best Emerging Artist). Tar éis do Shéamus buíochas a ghabhadh le gach éinne ónar fhoghlaimaíodar, an áit agus na daoine gur díobha iad ní raibh sé taobh thiar den doras ag caint fúthú siad nach fiú leo an teanga. Agus é i mbun tagairt do rian na Gaeilge ar an gceol agus ar na hóráidí a tugadh go dtí sin ar an oíche féin, sé dúirt: "There have been some choice comments made about the Irish language in the media lately, ach tá sé le feiceáil anocht go bhfuil an Ghaeilge,go bhfuil sí láidir, go bhfuil si beo agus nach bhfuil sí ag dul in aon áit."
Sách ráite agus tréaslaímid leo go léir as na gradaim.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Tig libh éisteacht siar leis ina iomláine, thuas, nó breathnú ar an leagan ar theilifís maidin amárach, Dé Satharn 2 Márta ag 11i.n. ar RTÉ One.