Tá an Kerry Cowboy AKA Séaghan Ó Súilleabháin le giollacht a dhéanamh ar an nGaeilge tré nathanna órga triple A a mhúineadh d'aoínna éagsúla ar nós fuirseoirí Ailish McCarty, Shawn Uyosa agus Shrini Kalwad.
Scannán gearr lán le greann atá sa tsraith Treoir ar an nGaeilge ina múineann sé na frásaí Gaeilge a theastóidh uait chun dul i ngleic le cúrsaí an tsaoil, cúrsaí grá agus gach rud idir eatarthu. Idir a bheith ag eascaine i nGaeilge agus ag cúirtéireacht i nGaeilge sa 21ú haois, gheobhaidh tú gach a bhfuil uait ón Kerry Cowboy sna físeáin ghearra, ghreannmhara seo, atá tú in ann a roinnt.