skip to main content

Cillian Murphy agus Eileen Walsh ar Cúrsaí Ealaíne i 1996 - cuimhní ar an ócáid ag duine den fhoireann

Tadhg Mac Dhonnagáin ag cur Disco Pigs i láthair ar Cúrsaí Ealaíne 1996.
Tadhg Mac Dhonnagáin ag cur Disco Pigs i láthair ar Cúrsaí Ealaíne 1996.

Bhíos ag obair mar thaighdeoir ar an gclár ealaíne 'Cúrsaí Ealaíne' i 1996. B’iad Marina Ní Dhubháin agus Tadhg Mac Dhonnagáin láithreoirí an chláir, beirt a léirigh an-eolas ar cheol, ar ealaín, ar litríocht agus ar dhrámaíocht na tíre.

Bhí Sheila de Courcy i mbun léirithe ag ag am, bean a bhí chomh cumasach is a bhí cruthaitheach. Claire O’Loughlin a bhí mar stiúrthóir an lá a tháinig compántas Corcadorca isteach, muna bhfuil dul amú orm.

An lá sin, is cuimhin liom go raibh caint sa stiúideo faoin urlár bán (costasach) a bhí againn agus go raibh salachar éigin air a d’fhéadfaí a fheiceáil ar na ceamaraí. Do thaighdeoir óg, nua san áit, ní thuigeas go díreach cén fáth go mbeadh a leithéid ag dó na geirbe ag an léiritheoir agus an stiúrthóir, ach tuigim níos fearr anois meon an léiritheora lá stiúideo.

Rith sé liom le déanaí gur dócha gurb iad Cillian Murphy agus Eileen Walsh a bhí againn sa stiúideo an lá sin, ach ní rabhas 100% cinnte. Chuireas ríomhphost go Cartlann RTÉ agus d’éirigh leo an clár a aimsiú.

A luaithe is a chonac an mhír, tháinig na cuimhní ar ais chugam... an bhríste airgid ar Murphy, na nathanna cainte nach gcloisfí in aon áit ach Corcaigh, an tallann a bhí ag an mbeirt acu, agus an meas a bhí acu ar a chéile agus ar an téacs.

Cillian Murphy sa zón i stiúdéo Cúrsaí Ealaíne i 1996

Tá an t-uafás bainte amach ag Eileen Walsh agus Cillian Murphy ó shin, ach is minic don bheirt acu tagairt a dhéanamh don dráma Disco Pigs a scríobh Enda Walsh agus an dá charachtar Pig agus Runt.