Déanfar ceiliúradh ar oidhreacht cheolmhar Bhéal Feirste i gclár na Féile Pádraig i mbliana, a bheas ar siúl ar fud na cathrach ón 1ú go dtí an 17ú Márta.
Den chéad uair riamh, beidh Deireadh Seachtaine Ceoil na Féile Pádraig mar chuid de na himeachtaí – trí lá de choirmeacha ceoil, taispeántais, seisiúin thrialacha agus ceardlanna in ionaid ar fud lár na cathrach, á chur ar fáil le TradFest Bhéal Feirste.
Beidh ceol traidisiúnta, amhrán agus damhsa, píobaí móra, damhsóirí Gharbhchríocha na hAlban, damhsa Gaelach agus ciorcail bodhrán, beidh baile na féile lonnaithe ag Garraithe na hArdeaglaise, in aice le hArdeaglais Bhéal Feirste, agus beidh cuid mhór léirithe saor in aisce ansin, chomh maith le seastáin bhia, ceardlanna céilí, gníomhaíochtaí teaghlaigh agus a lán eile.
Pic: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste
Beidh léirithe ann chomh maith a mbeidh cead isteach le ticéad iontu, mar Anúna in Ardeaglais Bhéal Feirste ar an Aoine an 15ú Márta, Céilí do Pháistí in Ardeaglais Bhéal Feirste ar an Satharn 16 Márta mar chuid d'Fhéile Páistí Bhéal Feirste, ceolchoirm mhór le Frankie Gavin agus De Danann i Halla Uladh an tráthnóna céanna, céilí ar feadh an lae agus imeacht mór deiridh le Stockton’s Wing agus John Spillane ag MAC Bhéal Feirste Dé Domhnaigh an 17ú Márta.
Beidh mórshiúl traidisiúnta na Féile Pádraig ar siúl chomh maith agus sráideanna na cathrach lándaite leis Dé Domhnaigh an 17ú Márta, ag tosú ar a 1.30in ó Halla na Cathrach. Beidh grúpaí damhsóirí, scoileanna, grúpaí pobail agus ceoltóirí in éineacht le slua flóta agus taibheoirí sorcais i gceiliúradh mór ilchultúrtha trasphobail, ag díriú ar Muintir, Áit agus Pláinéad – na téamaí a bheas ag clár 2024 Bhéal Feirste, agus ceiliúradh á dhéanamh ar chruthaitheacht na cathrach le linn na bliana.
Arsa Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge: "Tá muid iontach tógtha faoin imeacht Spraoi Cois Lao, atá dírithe ar an Ghaeilge a thabhairt ar ais i gceartlár Bhéal Feirste, a thógann ar obair cheannródaíoch na ngrúpaí pobail ar fud Bhéal Feirste agus a thacaíonn lenár gcuspóir an Ghaeilge a cheiliúradh, a aithint, a normálú agus meas a bheith uirthi, go háirithe inár spásanna comhroinnte. Tá an-áthas orainn dul i gcomhar le Féile an Phobail agus Seachtain na Gaeilge agus Féile an Earraigh a thabhairt le chéile, le tacaíocht na comhairle, i gclár na bliana seo."
Arsa Kevin Gamble, Stiúrthóir Fhéile an Phobail, "tá áthas ar Fhéile an Phobail bheith bainteach le Féile Phádraig na bliana seo. Cuirfidh an Trad Trail beocht in achan chuid den chathair, chomh maith le lár na cathrach, agus scoth domhanda an cheoil Ghaelaigh ann. Bígí linn agus bainigí sulta as na seisiúin, as an chraic agus muid i mbun ceiliúrtha ar Fhéile Phádraig na bliana seo!"
Tá tuilleadh eolais faoin Fhéile Phádraig www.belfastcity.gov.uk/stpatricks