Ní Binn Béal ina Thost - díolúine na Gaeilge éagórach, maslach dar le Reuben Ó Conluain, iar-mheánmhúinteoir Gaeilge agus Scrúdaitheoir Comhairleach ag Béaltrialacha na Gaeilge san Ardteistiméireacht.
Ó cuireadh tús (in 2012) leis an scéim a bhronnann 25 marc CAO sa bhreis orthu siúd a thugann faoin mhatamaitic ag an ardleibhéal san Ardteistiméireacht, tá a leithéid de chúiteamh á lorg chomh maith acu siúd gur spéis leo leas agus todhchaí na Gaeilge ar mhaithe le foghlaimeoirí a spreagadh le tabhairt faoin teanga ag an ardleibhéal. Ní hamháin gur tugadh cluais bhodhar agus súil dhall don éileamh seo, ach ligeadh don a mhalairt tarlú.
Anois tá buntáiste mór ar fáil acu siúd a dtugtar díolúine ó staidéar na Gaeilge dóibh in iar-bhunscoileanna an Stáit. Tá cead acu seo sé ábhar a ullmhú do na scrúduithe Stáit seachas an gnáthlíon de sheachtar. (Ceist do lá eile é ar chóir ábhar eile ar chultúr agus ar shochaí na hÉireann a chur ar fáil dóibh seo ina ionad.) Agus de réir na dtuairiscí ó na scoileanna tá líon na bhfoghlaimeoirí a dtugtar an díolúine dóibh tar éis ardú as miosúr in achar an-ghairid. Den chuid is mó, dar liomsa, tá an titim amach seo éagórach, agus maslach freisin.
Tá sé maslach i dtaca leis na foghlaimeoirí fírinneacha a bhfuil deacrachtaí macánta acu tabhairt faoi theanga ar bith a shealbhú. Tá sé maslach i dtaca leis na foghlaimeoirí úd i dteaghlaigh – nuathagtha agus eile - ina bhfuil teanga bhaile eile á labhairt agus atá ag streachailt leis an Bhéarla féin. Tá sé maslach don chóras oideachais, don Stát agus do chultúr na tíre.
I mo thuairimse agus ó mo thaithí ní bhíonn ann go minic ach an cur i gcéill agus an tseachaint. Leithleas an duine i gcoinne leas na sochaí. Fimíneacht. Deis le nascadh leis an tír ina mairimid caite sa chlábar. Sílimse go bhfuil sé éagórach.
Domsa, mar dhuine a chaith a shaol oibre sa seomra ranga, ní luíonn sé le réasún go bhfuil an acmhainn ag duine dul agus teanga sa bhreis a fhoghlaim nuair nach raibh sé nó sí in inmhe teanga eile, teanga a bhaineann úsáid as an chló agus as an aibítir chéanna, a láimhseáil. Níl an dúshlán a bhaineann le córas scríbhneoireacht na Gréigise ná na hAraibise nó na hEabhraise nó na Sínise nó na Seapáinise le sárú sa seomra ranga Gaeilge. Tá an Cló Gaelach caite amach againn le fada ar mhaithe leis an fhoghlaim a éascú - má bhí sé sin ina chonstaic ag daoine áirithe tráth ní hann dó a thuilleadh.

Ar an láimh eile baineann an-chuid buntáistí le teanga bhreise a bheith ag duine. Forbraítear an inchinn, neartaítear an aird nó an fócas intinne, saibhrítear an stór focal sa phríomhtheanga agus éascaíonn sé an chumarsáid i gcoitinne nuair a éiríonn linn teanga(cha) eile a shealbhú. Cuirtear lenár gcumas taobhsmaointeoireachta agus lenár gcumas dul i ngleic le teanga(cha) eile. Níl anseo ach roinnt de na buanna móra a bhaineann leis an ilteangachas.
Cuirimis deireadh leis an chur i gcéill éagórach seo. Bíodh deacracht ag scoláire teanga a fhoghlaim agus aithnítear an deacracht sin le díolúine a bhronnadh air/ uirthi ó na teangacha uilig a fhoghlaim, nó ná bíodh. Caithfidh an córas oideachais caitheamh go cothrom le gach foghlaimeoir.
Meánmhúinteoir Gaeilge ar scor é Reuben Ó Conluain. Chaith sé trí bliana ina Oifigeach Oideachais leis An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (An NCCA) agus scór bliain ag obair leis na hábhair oidí ag tabhairt faoin Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath. Is Scrúdaitheoir Comhairleach é ag Béaltrialacha na Gaeilge san Ardteistiméireacht.