Siad na scríbhneoirí Muireann Ní Chíobháin agus Catherine Foley a bhí i dteannta Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána Dé Domhnaigh agus leabhar na míosa á phlé. Bé an cnuasach gearrscéalta le Majella Ní Dhomhnaill, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, foilsithe ag Cló Iar Chonnacht, a bhí á mheas.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dar le Muireann gur éirigh leis an údar an léitheoir a thabhairt caol-díreach isteach sna scéalta agus an daonnacht sna carachtair a aithint go maith. Mheas sí go raibh léiriú ar neart na gcarachtair mar dhaoine leochaileacha, daoina a bhí ag iarraidh athnuachan a dhéanamh ar an mbóthar a bhí tógtha acu agus na deiseanna nár thapaíodar toisc íobairtí a thógadar ar son daoine eile.
Bhí Catherine tógtha leis an éifeacht gur chur Ní Dhomhnaill an easpa cumarsáide idir lánúin phósta, agus tuismitheoirí agus a gcuid páistí agus an bealach ar chur sé sin leis na gcaolta sin bheith ag cothú bearnaí nó ag teip.

Ba léir dar leo beirt gur sochaí chomhaimseartha domhain na scéalta agus gur éirigh leis an údar ainilís tuisceanach agus réalaíoch ar an mbrú féna bhfuil déagóirí agus daoine fásta ag fulaingt de bharr imnithe agus stró an tsaoil reatha.
Tá Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile le seoladh ar an 7 Márta agus le ceannach sa Siopa Leabhar ag 6 Shráid Fhearchair i gcathair Bhleá Cliath agus ar-line ó Cló Iar Chonnacht.
Údar an leabhar do leannaí, Scúnc agus Smúirín, foilsithe ag Futa Fata, is ea Muireann Ní Chíobháin agus sí Catherine Foley údar an gcnuasach filíochta, Amhráin Sráidbhaile, foilsithe ag Arlen House.