Beidh an file aitheanta Pádraig Mac Fhearghusa, ag cur tús lena théarma oifige agus Slabhra an Uachtaráin á bhronnadh air. De bhunadh Chorcaigh é Mac Fhearghusa ach tá formhór a shaol caite aige i dTrá Lí, Co. Chiarraí, áit a bhfuil sé ag gníomhú i gcónaí ar son chearta teanga agus ar son an oideachais lánGhaeilge.
Fear ildánach, a bhfuil an iliomad saothar filíochta agus próis tagtha óna pheann, bhí sé ina eagarthóir ar an iris liteartha mhíosúil, Feasta (1996-2019), agus ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (2008-2011). Is de thoradh a shaothair a bunadh Scoil Mhic Easmainn i dTrá Lí i 1978 agus Gaelcholáiste Chiarraí ina dhiaidh sin.

"Is laoch é Pádraig Mac Fhearghusa i measc Gael", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, "ní amháin ar son na bhfeachtas misniúil a throid sé ar shon chearta daltaí scoile oideachas trí Ghaeilge a fháil ó thús a gcuid scolaíochta ach freisin ar son na tacaíochta a thugann sé do scríbhneoirí óga agus iad ag tosú amach i mbun ceirde. Is beag údar atá ag scríobh i nGaeilge inniu nach raibh tionchar aige orthu agus focal misnithe, chomh maith le tacaíocht phraiticiúil, á thabhairt aige dóibh. Is crann taca de chuid an Oireachtais agus de chuid Chonradh na Gaeilge é le fada an lá agus is onóir dúinn é a bheith ag dul i mbun oifige mar Uachtarán an Oireachtais 2024."
I mBéal Átha Fhínín in Iarthar Chorcaí a saolaíodh Pádraig Mac Fhearghusa, áit a raibh a athair ina Gharda Síochána, ach ba ó Ghleann Beithe i gCiarraí dá mháthair agus ón nGarastún i bhFear Manach dá athair. Cháiligh sé ina mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i 1967, agus bhain sé céim amach sa Ghaeilge, sa Stair agus sa bhFealsúnacht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé Ard-Dioplóma Oideachais i gColáiste na Tríonóide i 1971, agus tar éis tréimhsí ag múineadh bunscoile i mBaile Átha Cliath agus i mBaile an Easpaig, Corcaigh, chaith sé ceithre bliana déag ag múineadh Staire agus Gaeilge i Meánscoil an Leitriúigh, Clochán-Bréanainn, Ciarraí.
Bhí Pádraig Mac Fhearghusa ina Chathaoirleach ar Choiste Áitiúil an Oireachtais i dTrá Lí i 1982, an chéad uair don fhéile a bheith i gCiarraí ó bhí Oireachtas Mór Chill Airne ar siúl i 1918. Bhí sé lárnach sa dá Oireachtais eile a bhí i dTrá Lí ina dhiaidh sin, i 1998 agus in 2003. Chaith sé tréimhse ina Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta an Oireachtais agus bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ina dhiaidh sin (2008-2011). Faoi láthair is é atá ina Chathaoirleach ar Choiste Contae Chiarraí́ agus ar Chraobh Thrá Lí de Chonradh na Gaeilge.