Tá go leor drámaíocht agus geaitsíocht amharclannaíochta Gaeilge agus dá-theangach ar fáil i mbliana ag Féile Nua-Shaothar Scene and Heard (15 Feabhra go 2 Márta) i Smock Alley. Féile í a thugann deis do scríbhneoirí, stiúrthóirí, aisteoirí agus lucht léirithe ábhar úr a thrialladh ar stáitse os comhair lucht féachanna. Ar cheann de na complachtaí atá ag tapú na deise sin tá MuicineachIdirDháChéard?, in-joke den chéad scoth do lucht na Gaeilge an t-ainm, caillte, bfhéidir, ar Ivan Yates, faraor.
Scéal grá atá ann, is cosúil, faoi cheirnín. (Níl aon chollaíocht i gceist go bhfios dúinn cé go luaitear 'shift'.) Iarrtar orainn imeacht leo anuas poll coinín digiteach ar aistear físe agus fuaime ó litríocht na Gaeilge go hip hap Laidineach. Agus brí na beatha a aimsiú ar an aistear. Sruth smaointeachais atá mar mhúnla anseo, cumtha, ceaptha, casta agus cruthaithe ag an gceathréad Eoin P Ó Murchú, Cúán de Búrca, Emma Ní Chearúil agus Aoife Nic Dhiarmada.

Agus cad iad na tréithe gaolmhara idir Máirtín Ó Cadhain, poblachtach, scríbhneoir, agus scoláire, agus Jennifer Lopez, popcheoltach, rinceoir, feistithe gan-náire? Mar a insíonn Eoin P. Ó Murchu dúinn féna chroiméal bhreá agus iad idir chleachtaí éisteacha.
"Bhuel, scéal grá atá ann. Tháinig Emma ar chéirnín de chuid Mháirtín Uí Chadhain agus thart ar an ama sin bhíomar i mbun roinnt físeán a dhéanamh ar YouTube faoi Mháirtín Ó Cadhain agus nasc sé isteach le roinnt rudaí aisteacha eágsúla. Táimid cineáilín tar éis scéal a thógáil timpeall air sin."
Dar le Cúán de Búrca agus é ag gáire ós ard gur eascair an smaoineamh "Ó Eoin. Tháinig sé chugam i gClub an Chonartha lá, léim sé orm agus mé ag iarraidh sult a bhaint as an oíche agus dúirt sé liom 'Cúán, déanann tusa físeán aisteacha - bhfuil tú ag iarraidh drámaíocht aisteach a dhéanamh?' Agus dúirt mé 'Cinnte, Eoin! Déanfaidh mé é. Rachfainn áit ar bith leatsa."
Ach cé hiad féin? Caitheann Emma Ní Chearúil solas ar an gceist dúinn.
"Is muide MuiceanachIdirDháChéard? Bhí uainn ainm atá éasca le haithint, éasca le rá, go dtaitneodh sé le Bearlóirí chomh maith leis na Gaeil agus go gcuimhneofaí air!"
Beidh Máirtín agus Jenny from the Block, Scríobh agus Aisteoireacht le Eoin P. Ó Murchú, Fuaim le Emma Ní Chearúil agus Fís le Cúán de Búrca, le feiceáil ar stáitse i Scoil na mBuachaillí, Smock Alley ar an Mháirt agus Céadaoin 27 agus 28 Feabhra ag 6.45i.n. Tuilleadh eolais agus ticéidí ag Smock Alley: Scene and Heard 2024