skip to main content

Labhrann an scríbhneoir Majella Ni Dhomhnaill le RTÉ.ie\Gaeilge féna cnuasach gearrscéalta Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile

Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill
Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill

Sé Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile le Majella Ní Dhomhnaill leabhair na míosa ag An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Síor-ghrá tuismitheora don leanbh, tobainne an ghnímh chinniúnach, daoine óga ag teacht in inmhe – seo roinnt de na hábhar atá á chíoradh ag Majella Ní Dhomhnaill sa chéad chnuasach gearrscéalta óna peann, Cuimhní Poircealláin agus Scéalta Eile, foilsithe ag Cló Iar Chonnacht. Agus í ag caint le RTÉ.ie\Gaeilge, mhínigh sí cad a thug uirthi díriú ar na hábhair áirithe seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Deir sí go bhfuil spéis aici "sna nóiméad pléasctha sin go bhfeadfadh an saol dul i dtreo amháin nó sa treo siúd, nó go bhféadfadh carachtar bóthar eile a roghnú. Cuireann sé sin ag smaoineamh mé ar an mbealach go bhféadfadh an saol athrú i bpreabadh na súl."

le caoinchead Cló Iar Chonnacht

Tuigeann sí gan amhras go gcaithfear nithe mar seo, atá goilliúnach nó tromchúiseach, a láimhseáil go cúramach.

"Ní mór é a dhéanamh ar bhealach atá tuiscineach, óir baineann an saol le carachtair daonna. Fiú mura bhfuil taithí díreach agat féin ar rudaí ar nós féin-mharú nó bás, mar shampla, is féidir é a shamhlú, is féidir tú féin a chur i mbróga na ndaoine sin."

Maidir leis an ionspráid agus na smaointe fánacha a lasann scéal innti, deir sí go léann sí ábhar scríbhneoirí éagsúla, gan amhras, agus "tugaim cluas do na rudaí atá timpeall orm, glacaim nótaí agus léim siar ortha. Bím ag iarraidh a bheith leathanaigeanta. Tá litreacha chuig agony aunts go maith mar fhoinse, agus thug ceannlíne nuachtán an nod dom fén scéal Ar Thóir an Iora Rua mar shampla, fé mháthair atá thar a bheith sean, agus í ag faire ar a bhfuil i ndán di agus an t-am atá fágtha aici."

Majella Ní Dhomhnaill.

Bíonn faobhar féna peann agus í ag scríobh. "Nuair a bhíonn an spreagadh ann is maith liom an scéal a scríobh in aon bhabhta amháin. Ina dhiaidh sin a thosnaíonn an dían obair. Cuid de na scéalta sa chnuasach seo tá said scríobhtha agus ath-scríobhtha agus gan aon chuma ar deireadh ar cuid acu mar a bhí ag tús."

Luann sí an treoir a tugadh di agus fiúntas a bhain sí as meantóireacht an scríbhneora, Mícheál Ó Ruairc, a mhol, mar shampla, scéal a 'chuir sa chuisneoir' tamall, agus ligean don dréacht sin suí. Sa bhealach sin bíonn súil eile ag an scríbhneoir nuair a léann sí athuair í, rud a thugann peirspictíocht úr di ar mar atá an scéal scríofa.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Díoríonn na gearrscéalta ar iarrachtaí na gcarachtair neamhspleáchas a aimsiú ón saol ina bhfuil siad; lead óg ag lorg neamhspleáchas óna mháthair i Buachaill Mór, bean mheánaosta ag iarraidh briseadh amach ó mhúnla an tsaol i Bosca Gloine, mar shampla. Dar léi go bhfuil teideal-scéal an chnuasaigh, Cuimhní Poircealláin, féin, ar cheann de na scéalta is láidre; bábóg a insíonn, agus í ag iarraidh a dhéanamh amach an chúis go bhfuil sí á tréigean ag an chailín óg gur léi í, cailín atá ag dul in aois agus ag strachailt le nithe níos déine ina saol. Léiríonn téamaí an mheabhairshláinte a chíortar i gcuid de na scéalta gur comhaimseartha iad carachtair agus a gcásanna atá á léiriú ag Majella, agus gur scríbhneoir úr, cumasach inár measc í.

Beidh an chnuasach á phlé ag Muireann Ní Chíobháin agus Catherine Foley mar leabhar na míosa ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock ar an Domhnach beag seo, 25 Feabhra ag a 6.30 tráthnóna.

Seolfar Cuimhní Poircealláin ar an 7 Márta sa Siopa Leabhar, 6 Sraid Fhearchair ag 6.30.