skip to main content

Pádraig Ó Gríofa ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta in RnaG

Labhair Pádraig Ó Gríofa, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta nuacheaptha ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin ról nua atá glactha aige.

Tá Pádraig Ó Gríofa ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta agus beidh sé ag tabhairt faoina ról nua i lár na míosa seo chugainn.

Tá Paddy, mar is fearr aithne air, ag teacht i gcomharbacht ar Chiarán Ó Fátharta atá ag éirí as. Tá Paddy ag plé le cúrsaí spóirt in RTÉ Raidió na Gaeltachta ón mbliain 2011 ar aghaidh. Bheadh aithne ag an lucht éisteachta ar Phaddy mar gheall ar an tráchtaireacht atá déanta aige ar chluichí CLG agus rugbaí don chuid is mó.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: Tréaslaím a cheapachán le Paddy Ó Gríofa agus tá mé ag súil go mór a bheith ag obair leis agus é ina ról nua mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta. Tá taithí léiritheoireachta, láithreoireachta, tuairisceoireachta agus tráchtaireachta ag Paddy ó na blianta atá caite aige leis an raidió. Tá an-chur amach aige ar an ról atá ag an stáisiún seo, an tseirbhís a chuireann muid ar fáil agus is fear é a bhfuil neart taithí aige i réimsí eile. Níl aon amhras orm ach go ndéanfaidh sé an-jab sa tréimhse amach romhainn agus guíonn mé chuile rath air.

Dúirt Ó Gríofa go bhfuil sé fite fuaite leis an CLG ó bhí sé ina ghasúr óg agus nach mbeidh sé ag tabhairt droim láimhe don eagraíocht sin cé go bhfuil 'fhios aige go bhfuil ról an Eagarthóra dúshlánach agus gur treo nua dó é.

Bliain mhór do chúrsaí nuachta atá in 2024, idir toghcháin Eorpacha agus toghcháin sna sé chontae chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha agus tá Ó Gríofa ag súil le tabhairt faoi na himeachtaí móra seo ina ról nua.

Luaigh Paddy go bhfuil an lucht éisteachta ag athrú a gcuid nósanna éisteachta le tamall anuas agus go gcaithfí an raidió athrú freisin, de réir mar atá an lucht éisteacht ag athrú le cinntiú go bhfuil siad fós ábhartha do phobal labhartha na Gaeilge.