skip to main content

Storms and serious weather warnings: Tuilte ar TG4

Storms, serious weather warnings and climate catastrophes are becoming part of our daily lives. In a new TG4 documentary, we learn about how this will affect us in the future and meet some of those taking action now to 'slow the flow'.

Le stoirmeacha ag fáil níos fairsinge agus níos mó fearthainne ag titim gach aon bhliain de bharr athrú aeráide agus scrios na timpeallachta, déantar grinnscrúdú ar an gcostas a bhaineann leis na tuilte a tharlaíonn dá réir sa chlár faisnéise uair an chloig seo do TG4.

Tugadh an rabhadh 'cód dearg don chine daonna' i dtuairisc na Náisiún Aontaithe in 2021 mar gheall ar athrú aeráide agus mar gheall ar leibhéal na farraige a bheith ag ardú, gnéithe atá ag spreagadh adhaimsir neamhrialta na linne seo agus ag imirt tionchair ar an domhan thart orainn. Chuir na Náisiúin Aontaithe béim ar an ghéarghá atá le bheith níos cróga agus níos dána le dul i ngleic le hathrú aeráide.

Fiosraítear sa chlár uair an chloig seo na háiteanna is mó in Éirinn atá i mbaol tuilte – leibhéal na farraige a bheith ardaithe ar an chósta agus i gceantair ísle, chomh maith le níos mó fearthainne a bheith ag titim agus níos mó eachtraí stoirme. Tá 40% den daonra ina gcónaí gar don chósta agus meastar go mbeidh 70,000 teach in Éirinn i mbaol ó thuilte faoi 2050.

Scrúdaítear sa chlár faiséise seo an tionchar a bhí ag tuilte ar phobail éagsúla timpeall na tíre – tabharfar léargas ar an dochar a rinne stoirmeacha troma i mí Lúnasa 2017 do phobal Iarthuaisceart Dhún na nGall. Buailfimid le grúpaí atá ag i mbun dea-chleachtais inbhuanaitheacha chun tionchar tuilte a laghdú agus chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar uisce. Casfaimid le Trish Murphy agus le baill den Inishowen Rivers Trust atá ar thús cadhnaíochta ar an oileán maidir le húsáid a bhaint as réitigh thimpeallachta atá bunaithe ar an nádúr agus atá dírithe ar an choincheap ‘Slow the Flow’.

Fiosrófar an tábhacht a bhaineann le machairí tuilte i Muineachán a bhainistiú mar aon leis damáiste atá tuilte ag déanamh do pháirceanna agus do chlubtheach CLG Bhéal Átha Beithe.

I mBéal Feirste, tá sé de mhisean ag an mhórghníomhaí timpeallachta, Aaron Kelly, spás a thabhairt ar ais don nádúr, crainn a athchur a chuirfidh gnáthóg ar fáil don fhiadhúlra agus a shúfaidh isteach an fhearthainn le linn drochstoirmeacha. I ndeisceart na cathrach, labhróimid le hionadaí ón Roinn Bonneagair faoin scéim nua laghdaithe tuilte taoide a bhfuil costas na milliún punt ag dul léi.

Tá siopa seodra Niall McNelis suite in aice leis an Phóirse Caoch i nGaillimh agus tá damáiste mór déanta ag sé cinn de thuilte don fhoirgneamh agus dá chuid seodra le bliain is fiche anuas. Pléifidh Niall an cruatan a d’fhulaing sé agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar a mheabhairshláinte. Casfaimid leis an ealaíontóir Ríonach Ní Néill a labhróidh faoin imní atá uirthi don todhchaí.

Cuirtear fírinne na dtuilte agus an athraithe aeráide inár láthair sa chlár seo trí shúile na bpobal a bhfuil tionchar acu orthu, trí shúile na n-oibrithe deonacha agus na ngrúpaí pobail atá gníomhach ag iarraidh tuilte a mhaolú, agus trí shúile na saineolaithe a thabharfaidh meastacháin dúinn ar an athrú aeráide a tharlóidh agus ar na bealaí is fearr le troid in éadan na dtuilte agus leibhéal na farraige atá ag ardú – agus na gníomhartha is féidir linne a dhéanamh inár gceantar féin.

Craolfar Tuilte ag 9.30pm Dé Céadaoin an 21 Feabhra ar TG4