Labhair muid le Hilary Bowen-Walsh, léiritheoir agus stiúrthóir 5 ghearrdhráma nua i nGaeilge a bheidh le feiceáil in Amharclann an Axis i mBaile Munna an tseachtain seo chugainn.
Tá taithí na mblianta ag Bowen-Walsh ag plé le drámaíocht i nGaeilge agus í i mbun aisteoireachta agus léirithe. Deir sí go raibh sí ag iarraidh ealaíontóirí ildánacha a thabhairt le chéile don togra spéisiúil seo agus saoirse a thabhairt dóibh a rud féin a chruthú as an nua. 'Bhí mé ag iarraidh cur le líon na ndrámaí Gaeilge atá ann agus deis a thabhairt do dhaoine nua a chur i mbun oibre'.
Seóthaispeántas le cúig ghearrdhrámaí nuachruthaithe le feiceáil don chéad uair ar stáitse in aon seó amháin. Beidh flosc cruthaitheachta ann le meascán d'ealaíontóirí ildánacha, i measc na n-ealaíontóirí, beidh, Áine Ní Laoghaire, Cathal Ó Broin Brace, Cillian Ó Donnachadha, Colm Mac Gearailt, Denis Horan, Hugh Carr, Hilary Bowen-Walsh Kevin Johnston, Morgan Cooke, Nóra Ní Anluain Fay, Sexy Tadhg, Sinéad Ní Uallacháin.
Luaigh Bowen-Walsh an borradh atá tagtha ar na healaíona trí Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas, idir scannáin, drámaí agus ceol, deir sí gur rud annamh ab ea léirithe Gaeilge ag pointe amháin ach nach bhfuil sin fíor níos mó. Tá Amharclann na Mainistreach ag obair ar dhráma Gaeilge Na Peirsigh i láthair na huaire agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid ann i nGaeilge ar stáitse Amharclann Náisiúnta na tíre ach go háirithe dóibh siúd atá ag teacht in inimhe mar chumadóirí agus ealaíontóirí Gaeilge.
Bhunaigh Bowen-Walsh a comhlacht, Mumbro Top bunaithe ar chomhoibriú cruthaitheach, a deir sí agus is sampla iontach iad na drámaí seo don chultúr comhoibrithe seo, 'trustaim iad ach tá mé ar fáil le haghaidh tacaíochta agus rannsú smaointe', a deir sí faoin gcliar cruthaitheach atá tugtha le chéile aici. Nuair nach mbíonn tú prescriptive, tagann rudaí iontacha chun cinn'
Tá an léiriú seo á chur ar fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus Axis Ballymun
Ceannaigh ticéad anseo