skip to main content

Leabhar na míosa: Cuimhní Poircealláin agus Scéalta eile

Labhair Áine Ní Ghlinn ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin leabhar nua Cuimhní Poircealláin agus Scéalta eile le Majella Ní Dhomhnaill.

Ní seo an chéad leabhar atá tagtha ón údar, d'fhoilsigh LeabharComhar úrscéal dá cuid roimhe seo ach seo a chéad chnuasach de ghearrscéalta. Mhol Áine Ní Ghlinn an scéim mheantóireachta atá ag Foras na Gaeilge a chuireann údair nua agus iad siúd atá i mbun le fada an lá ag obair le chéile chun leabhar a chur i dtoll a chéile.

Is léir go ndeachaigh an scéim seo i bhfeidhm ar Majella, a deir Ní Ghlinn agus í ag obair leis an údar Mícheál Ó Ruairc agus le hÁine féin, freisin.

Áine Ní Ghlinn

Mhol Ní Ghlinn an leabhar agus an snas atá ar an scríbhneoireacht, rud a thugann le fios go ndearnadh eagarthóireacht éifeachtach air. Tá réimse leathan ábhar sa leabhar seo chomh maith cé gur leabhar é seo atá dírithe ar dhaoine fásta, tá Áine den tuairim go bhfeilfeadh sé do dhéagóirí freisin.

Pléfidh Tristan Rosenstock agus beirt aoi an leabhar seo ar an gclár ealaíne agus cultúir, An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 25 Feabhra ag 6.30pm