Labhair Dara Ó Cinnéide le Jack O' Connor, bainisteoir Chiarraí, ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoina bhfuil i ndán d'fhoireann na Ríochta i mbliana.
Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Mhaigh Eo le linn na deireadh seachtaine i dTrá Lí sa tsraith agus deir O' Connor go bhfuil an torthaí na foirne 'measartha' i láthair na huaire, bunaithe ar na cluichí a d'imríodar go dtí seo.
Dúirt bainisteoir na foirne go raibh díomá air nár éirigh le Ciarraí níos mó pointí a bhaint amach go dtí seo sa tsraith ach go bhfuil imreoirí ar nós Joe O' Connor agus Cillian Burke agus mhol sé diongbháilteacht an imreora a tháinig aniar ó ghortú ar a chos.
Mhol sé freisin leithéidí Dylan Casey, Conor Geaney agus Dylan Geaney atá ag teacht in inmhe agus dúirt sé mar go bhfuil an bhliain níos gaire ná mar a bhí tráth go mbíonn ar na himreoirí form maith a léiriú le linn na sraithe le go mbeadh siad ar fáil agus in ardform don samhradh.
Éist leis an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00